Mise, Subhó agus Maccó
Meán Fómhair 11, 2014
Daoine ar an imeall! Teanga ar an imeall! Dráma ar an imeall!
Beidh dráma aon-ghnímh leis an bhfile agus drámadóir clúiteach Biddy Jenkinson don teideal Mise, Subhó agus Maccó á léiriú sa New Theatre, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, ar an 25ú/26ú/27ú de Mheán Fómhair ag 7:30i.n. Is iad Aisteoirí An Lab, lonnaithe sa Daingean i gCorca Dhuibhne, atá á léiriú. Cé gur scéal tragóideach é seo faoi thriúr a mhaireann ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath, tá greann fite fuaite tríd, chomh maith le hábhar macnaimh.
Léiríodh an dráma in Amharclann An Lab ag tús na bliana agus bhí sé le feiscint i rith an tsamhraidh de bharr an éilimh a bhí air. Caitheann an dráma súil ghéar ar na fadhbanna a bhíonn ag daoine gan dídean. Níl éalú acu ón gcruatan ach isteach i réimse na samhlaíochta agus na miotaseolaíochta. In ainneoin na constaicí agus na n-údarás, deineann siad gach iarracht aire a thabhairt dá chéile agus léiríonn siad meas nach beag don nádúr i lár na cathrach.
Dúirt Stiúrthóir Aisteoirí An Lab, Áine Moynihan faoin turas go Baile Átha Cliath: “Tá dian-obair curtha isteach ag foireann an dráma seo chun caighdeán ard léirithe a bhaint amach agus cé nach bhfuilimid mar chuid oifigiúil den bhFéile Drámaíochta is mian linn ár gcuid a dhéanamh chun cur le drámaíocht na Gaeilge sa chathair le linn na Féile. Tá ábhar an dráma seo tráthúil mar gheall ar an ngéarchéim a bhaineann le heaspa dídine na laethanta seo, go háirithe i mBaile Átha Cliath agus ba mhaith linn cabhrú chun áird a tharraingt ar an bhfulaingt a bhaineann leis.”
Beidh ticéidí ar fáil ag 01 6703361 nó ag an doras ar €12/10.
Amharclann agus Ionad Ealaíon na Gaeilge sa Daingean, Co. Chiarraí is ea An Lab.
Faigheann An Lab tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, an comhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon atá dírithe ar fhorbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht
Is iad na haisteoirí sa ghriangraf ná Malachaí Mac Amhlaoibh, Áine Ní Mhuircheartaigh agus Muiris Ó Fiannachta. Grianfraf le Gearóid Casey.
Breis Eolais:
Áine Moynihan
Stiúrthóir Ealaíne,
An Lab, An Daingean, Co. Chiarraí
087-8546572
www.anlab.ie
www.facebook.com/LabAnDaingin
@labandaingin
The New Theatre, 43 East Essex St., Temple Bar, Dublin 2 (www.thenewtheatre.com)