Méid an Téacs

Moladh: Ba cheart do COGG feidhmiú mar shatailít don CNCM

Eanáir 29, 2013

I bhfianaise nach bhfuil aon sábháiltí airgid luaite le cónascadh COGG agus an CNCM, molann An Chomhdháil gur cheart go mbeadh COGG ag feidhmiú mar shatailít neamhspleách.

Tá todhchaí na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) faoi chaibidil sna meáin le cúpla mí anuas, ón uair a d’fhógair Ard Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, Seán Ó Foghlú go mbeadh COGG le cónascadh leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM).

Beidh an CNCM ag aistriú oifige an samhradh seo chugainn, agus tá i gceist ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go dtarlódh an cónascadh idir an dá eagraíocht um an dtaca sin.

Ag comhdháil oideachais i nGaillimh i mí na Samhna, chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna in iúl nach mbeidh aon athrú láithreach ag teacht ar fheidhmeanna COGG. Ní faoiseamh a chur an ráiteas sin ar lucht freastail na comhdhála ach faitíos, agus iad den bharúil gur thug ráiteas Uí Fhoghlú le fios gur cinnte go dtiocfadh athrú ar fheidhmeanna COGG am éigin amach anseo.

Is í an phríomhfheidhm atá ag COGG ná tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, mar a bhaineann le háiseanna teagaisc, le seirbhísí taca agus le taighde, ach is léir ón gcinneadh is déanaí ón ROS gur mó béime a bheidh á cur amach anseo ar fheidhmeanna eile COGG maidir le curaclam na Gaeilge i scoileanna Béarla na tíre.

Agus é ag freagairt ceiste os comhair na Dála ar an 18 Nollaig 2012, dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn go mbeadh sé “ag súil le COGG a bheith ag cur a chuid feidhmeanna reachtúla i gcrích i gcónaí de réir mar a bhaineann leis an nGaeilge, trí Ghaeilge, agus ag déanamh cumarsáid leis an bpobal sa chaoi chéanna is a ndéanann siad faoi láthair”.

Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, athraíodh port na Roinne nuair a chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna in iúl go bhféadfadh go mbeidh ar fhoireann COGG a bheith ag feidhmiú trí Bhéarla agus iad i mbun plé le foireann an CNCM.

Ag labhairt dó ar chinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge “Sular bhunaigh An Chomhdháil, Gaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta COGG, níorbh ann d’aon struchtúr chun freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na Scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lánGhaeilge, agus tá an-bhuairt orainn gur céad chéim í seo i dtreo cúlú ar an struchtúr tacaíochta reatha”.

Dar le De Barra go lagófar obair COGG i leith na scoileanna Gaeltachta agus na Gaelscoileanna, má chuirtear iachall ar fhoireann bheag COGG díriú go príomha ar churaclaim na Gaeilge sna scoileanna Béarla.

Tá ráite ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil an comhcheangail atá beartaithe ag dul i gcoinne na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Is mar seo thíos a chuirtear síos ar ról COGG sa Straitéis:

• Beidh príomhról ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta i
bhfeidhmiú na Straitéise san earnáil oideachais i gcomhar leis na gníomhaireachtaí atá ann.

• Cuirfear an fhoireann chuí agus na hacmhainní cuí ar fáil don Chomhairle lena dualgas a chomhlíonadh.

• Neartófar ról COGG mar aitheantas ar an ngá le dul i ngleic le saincheisteanna éagsúla a bhaineann go sonrach le teagasc agus le foghlaim na Gaeilge i scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di araon, agus le teagasc na Gaeilge i ngach scoil aitheanta. Beidh ról lárnach ag COGG ó thaobh comhairle dhíreach a chur ar ghaelscoileanna faoi dhea-chleachtas i dtaca le hoideachas a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Deir Kevin De Barra go mbeidh cruinniú práinne á iarraidh ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge leis an Aire Oideachais agus Scileanna agus go mbeidh siad ag impí air a bheith praiticiúil faoin gceist.

Deir De Barra, “Níl aon sábháiltí airgid luaite leis an gcónascadh seo. Beidh oifig nua an CNCM lonnaithe timpeall an choirnéil ó oifig reatha COGG.

Is cinnte go bhféadfaí seirbhísí áirithe a chomhroinnt, idir seirbhísí dlí, tacaíocht theicniúil agus a leithéid, ach chomhlíonfaí príomhfheidhm COGG, chun feidhmiú ar son na scoileanna Gaeltachta agus lánGhaeilge, níos fearr dá mbeadh COGG mar shatailít ag an CNCM, ar fáil chun comhairle a chur ar fáil, ach ag feidhmiú go neamhspleách, agus go hiomlán trí Ghaeilge”.

GAELPORT.COM