Méid an Téacs

Moltaí an Phobail ó Thóstal na Gaeilge 2013

Feabhra 27, 2013

Tugadh an deis don phobal a dtuairimí maidir le cur i bhfeidhm an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus beartas an rialtais don Ghaeilge a phlé ag Tóstal na Gaeilge, 16 Feabhra 2013.

‘Beart de réir Biathair’ a bhí mar théama an Tóstail i mbliana agus bhí saincheisteanna reatha na Gaeilge idir chamáin ag polaiteoirí, ag saineolaithe sa phleanáil teanga, ag ionadaithe an státchórais, agus ag pobal na Gaeilge le linn trí sheisiún plé a reáchtáladh le linn an Tóstail.

“Ag an Tóstal, d’iarr an pobal ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a gcás a chur faoi bhráid na nÚdarás agus dá bhrí sin lorgóidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge cruinniú práinneach leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan TD, le hAire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD agus le hOifigigh sinsearacha sa Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta”, a dúirt Stiúrthóir na Comhdhála Kevin De Barra.

Ag eascairt as an bplé maidir leis na heasnaimh atá ann i bpolasaí oideachais Gaeltachta na Roinne Oideachais agus Scileanna, lorgófar cruinniú práinneach leis an Aire Oideachais Ruairí Quinn TD go luath.

“Tá an deis anois ag an Rialtas freagra a thabhairt ar an mbuairt atá léirithe ag pobal na Gaeltachta agus ag pobal na Gaeilge agus ceannasaíocht a léiriú le forfheidhmiú an phróisis pleanála ar bhealach oscailte, cuimsitheach agus daonlathach”, dar le Kevin De Barra.

Is iad seo a leanas na moltaí a tháinig chun cinn ag Tóstal na Gaeilge 2013.

Oideachas Gaeltachta

  • Moltar go bhfeidhmeodh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) mar shatailít ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, ar fáil chun comhairle a chur ar fáil, ach ag feidhmiú go neamhspleách, agus go hiomlán trí Ghaeilge.
  • Moltar go mbeidh buiséad COGG imfhálaithe, agus nach mbeidh aon smacht ag an CNCM ar an mbuiséad sin.
  • Moltar go gcuirfeadh an Roinn Oideachais agus Scileanna polasaí oideachais sainiúil ar fáil do scoileanna Gaeltachta.
  • Moltar tacaíochtaí a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta chun córas an tumoideachais a chur i bhfeidhm iontu.

Tacaíocht do thuismitheoirí

  • Moltar go gcuirfí deiseanna sóisialta trí Ghaeilge ar fáil do pháistí agus do thuismitheoirí, agus go gcuirfí maoiniú ar fáil chuige seo.
  • Moltar go dtógfaí ar thacaíochtaí reatha ar nós an scéim “Tús Maith” i gCorca Dhuibhne.
  • Moltar go gcuirfí breis eolais ar fáil don phobal maidir leis an gClár Tacaíochta Teaghlaigh agus ról an phobail sa chlár seo.
  • Moltar go ndéanfar athbhreithniú ar an mbileog eolais agus ar an bpacáiste eolais atá ar fáil faoi láthair, agus go ndéanfaí cinnte go bhfuil eolas ábhartha ar fáil do thuismitheoirí, agus go bhfuil an t-eolas seo ar fáil go héasca.
  • Moltar go soiléireofaí na spriocanna a bhaineann leis an gClár Tacaíochta Teaghlaigh.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

  • Moltar go ngabhfaí i ngleic leis an malairt tuairime atá ann idir an pobal agus an Stát maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.
  • Moltar go ndéanfaí céimeanna forfheidhmithe na Straitéise a shoiléiriú agus go bhfógrófaí na mionsonraí maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo.
  • Moltar go gcuirfí eolas rialta ar fáil don phobal maidir le cinntí na nGrúpaí Ardleibhéil.
  • Moltar go dtabharfaí ról níos láidre don phobal agus d’earnáil dheonach na Gaeilge i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain.
  • An Próiseas Pleanála Teanga
  • Moladh go gcuideodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus earnáil dheonach na Gaeilge trí chéile le hÚdarás na Gaeltachta agus le heagrais phobail maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain.
  • Moladh go soiléireofaí ról Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge sa Phróiseas Pleanála Teanga.
  • Moladh go gcuirfí an maoiniú agus an tacaíocht chuí ar fáil d’eagrais phobail le go mbeidh sé ar a gcumas tabhairt faoin bPróiseas Pleanála Teanga mar is ceart.

Cearta Teanga

  • Moladh go ndéanfaí torthaí an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a fhógairt láithreach.
  • Moladh tacaíocht a chur ar fáil do ról Oifig an Choimisinéara Teanga.
  • Moladh go gcaomhnófaí na cearta teanga a sonraíocht faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus faoi Bhunreacht na hÉireann mar aon leis na cearta a sonraíodh sa Chúirt Uachtarach i gCás Uí Bheoláin.

Earnáil Dheonach na Gaeilge

  • Moltar go nglacfaí seilbh ar cheisteanna maoinithe na hearnála deonaí agus go dtabharfaí gach tacaíocht don infreastruchtúr teanga reatha.
  • Moladh go mbeadh plé oscailte idir na geallsealbhóirí uile, Rialtais, Státchórais, Eagrais, agus pobal na Gaeilge chun teacht ar an modh is éifeachtaí chun earnáil na Gaeilge a neartú, ní a scrios.

Foilsithe ar Gaelport.com