Méid an Téacs

Muintir Shligigh ag ceiliúradh ag Siansa Gael Linn 2014

Aibreán 8, 2014

Chroch an grúpa ‘Iontas’ as Gairmscoil Chúl Átha, Baile Idir Dhá Abhainn, Contae Shligigh, corn chraobhchomórtais Siansa Gael Linn ag an deireadh seachtaine.

Ainmníodh buaiteoirí na bliana seo ag ócáid speisialta sa Cheoláras Náisiúnta ar an Satharn áit a ndeachaigh ocht ngrúpa san iomaíocht don duaischiste €4,500.

I dteannta bhuaiteoirí na hoíche ‘Iontas’ as Gairmscoil Chúl Átha, Contae Shligigh bhí; Trioscar ó Phort Láirge, Lasair ó Mhala i gCorcaigh, Ceoltóirí Chnoc na Gaoithe ón Tulach i gCo. an Chláir, Glór Mhaigh Eo ó Chaisleán an Bharraigh, Na Rógairí ó Choláiste Cois Life i Leamhcán, Na hÓgánaigh ó Choláistí Eoin agus Íosagáin i mBaile an Bhóthair agus grúpa amháin ó Chúige Uladh, sin Cóiriú ó Scoil Mhuire, Machaire Fíolta i gCo. Dhoire.

Ba iad na ceoltóirí iomráiteacha Mary Bergin, Ciarán Ó Maonaigh agus Niamh Ní Charra a bhí mar mholtóirí ar an oíche agus chuir Áine Hensey an ócáid i láthair beo ar Raidió na Gaeltachta.

Bronnadh duais €2,500 ar Iontas ina bhfuil ochtar ceoltóirí óga ann; Tomás Ó Gabháin, Shauna Ní Chuilinn, Conal Mac Cormaic, Colm Ó Tuathaigh, Síofra Ní Áinle, Dúlra Ní Áinle, Orlaith Ní Chionnaith agus Stiofán Ó Maolagáin.

Tháinig an grúpa Glór Mhaigh Eo as Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, sa dara háit le duais €1,250 agus sa tríú háit bhí Cóiriú as Scoil Mhuire, Machaire Fíolta, Co. Dhoire agus bronnadh duais €750 orthu siúd.

Eiseofar dlúthdhiosca den cheol aoibhinn ar an oíche go luath agus beidh clár speisialta le feiceáil ar TG4, Dé Céadaoin, 23 Aibreán, ag 9.30pm.

Foilsithe ar Gaelport.com