Méid an Téacs

Ó Bhéal – léamh filíochta le hÁine Ní Ghlinn i gCorcaigh

Iúil 10, 2012

Beidh filíocht bhinn Áine Ní Ghlinn le cloisteáil ag an oíche filíochta Ó Bhéal i gcathair Chorcaí ar 23 Iúil.

Bíonn oíche filíochta Ó Bhéal á reáchtáil i gCathair Chorcaí gach Luan.  Bíonn file nua i láthair mar aoi speisialta gach seachtain chun píosa filíochta a aithris don lucht éisteachta agus beagán de chúlra na ndán a thabhairt.

Is as Crois an Ghúlaigh i gCo. Thiobraid Árann di agus tá clú agus cáil uirthi mar fhile agus mar scríbhneoir den scoth.  Is file den scoth í Áine a bhfuil cnuasaigh filíochta foilsithe aici.  Bhíodh sí ag scríobh freisin don dráma teilifíse Ros na Rún ar TG4.

Is iomaí gradam atá bainte amach aici lena cuid scríbhneoireachta le blianta anuas. Cuirfear tús leis an oíche ag 9 pm thuas staighre in ionad The Hayloft, The Long Valley i Sráid Winthrop i gcathair Chorcaí

Tá saorchead isteach ach bígí ann in am chun suíochán maith a fháil. Tuilleadh eolais: www.obheal.ie