Méid an Téacs

Ocht scoil de chuid an Fhorais ar Liosta Tógála an Roinne do 2015

Nollaig 18, 2014

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, T.D., inniu go bhfuil sé i gceist ag an Roinn Oideachais tús a chur le hobair thógála ar 70 scoil sa bhliain 2015.

Tá ocht scoil de chuid an Fhorais Phátrúnachta ar an liosta tógála seo:

  • Gaelscoil an Bhradáin Feasa, An Mhí
  • Gaelscoil an Chuillinn, BÁC
  • Gaelscoil Liatroma, Liatroim
  • Gaelscoil Longfoirt, Longfort
  • Gaelscoil Mhic Aodha, Cill Dara
  • Gaelscoil Riabhach, Gaillimh
  • Gaelscoil Ros Eo, BÁC
  • Gaelscoil Thulach na nÓg, An Mhí

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta: “Cuireann sé an áthas ar an bForas Pátrúnachta go bhfuil foirgneamh buana nua fógartha do na scoileanna seo do 2015. Tá géarghá leo agus tá moladh le dul don Roinn as an obair atá ar siúl acu chun iad a sholáthar. Fós, tá scoileanna nach bhfuil cóiríocht chuí acu agus leanfaidh An Foras Pátrúnachta ar aghaidh ag obair leis an Roinn chun cóiríocht cheart a shocrú dóibh sa ghearrthéarma.”

Caithfear €450 milliún agus infreastruchtúr bunscoile agus meánscoile sa bhliain atá romhainn.

“Teastaíonn uainn scoileanna a mhéadú agus scoileanna nua a thógáil le freastal ar na riachtanais atá ag an daonra scoile, daonra atá ag fás,” arsa an tAire Oideachais.

“Is é an aidhm atá agam ná cinntiú go dóthain áiteanna scoile sa chóras oideachais agus go bhfuil fáil ag gach páiste ar cheann.”

www.foras.ie