Méid an Téacs

Oíche eolais maidir le bunscoil lán-Ghaeilge nua a bhunú i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath

Meán Fómhair 22, 2015

An bhfuil suim agat san fheachtas bunscoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach nua a bhunú i Marino/Droim Conrach/Baile Átha Cliath 1? Tá bunscoil nua le hoscailt sa cheantar sin i Meán Fómhair 2016 agus tá Gaelscoileanna Teo. ag tacú le hiarratas An Foras Pátrúnachta go mbeidh an scoil nua ina scoil lán-Ghaeilge. Tuilleadh eolais le fáil anseo http://www.gaelscoileanna.ie/northdub 

Más maith leat tuilleadh eolais a fháil faoin bhfeachtas seo, ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit freastal ar chruinniú poiblí i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, ar an 30ú Meán Fómhair ag 20.00. Tabharfar eolas breise maidir leis an oideachas lán-Ghaeilge agus a chuid buntáistí ar an oíche agus beidh deis ag daoine ceisteanna a chur ar an bpainéal cainteoirí. Is iad na haoi-chainteoirí a bheidh linn ar an oíche ná:

  • Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, Príomhoide Ghaelscoil Bhaile Brigín
  • Beirt Tuismitheoirí ag labhairt faoin taithí atá acu siúd ar an oideachas lán-Ghaeilge
  • Ionadaí ón bhForas Pátrúnachta
  • Ionadaí ó Gaelscoileanna Teo.

Bunscoil lán-Ghaeilge nua do Mharino, Droim COnrach agus Baile Átha Cliath 1