Méid an Téacs

Osclaíonn Gaelcholáiste nua i mBaile Brigín!

Meán Fómhair 5, 2014

Ghlac an Gaelcholáiste nua i mBaile Brigín lena chéad daltaí ar an Luan, 1 Meán Fómhair.

Is é Coláiste Ghlór na Mara an chéad Ghaelcholáiste sa cheantar seo. Tá 26 dalta sa chéad bhliain anois agus freastalóidh an scoil ar idir 700 agus 1,000 dalta amach anseo.

Tá an scoil lonnaithe i ranganna sealadacha faoi láthair. Bogfaidh sé go scoil sealadach go luath agus fanfaidh sé ann go dtí go bhfuil obair thógála ar an bhfoirgneamh buan curtha i gcrích.

“Ba chúis áthais dom í oscailt na scoile ar maidin,” arsa Aoife Elster, príomhoide na scoile (thuas, dara duine ar chlé).

“Tá sé go hiontach toradh dearfach a fheiceáil ar an obair thréan atá déanta ag muintir na háite chun Gaelcholáiste a bhunú don cheantar.

“Táimid fíor bhuíoch do Bhord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus don tUasal Ó Laoire ach go háirithe toisc seomraí sealadacha a thabhairt dúinn fad is atá muid ag fanacht ar ár bhfoirgneamh féin.

“Táim fíor bhuíoch freisin don tacaíocht atá faighte againn ó Chlodagh agus ó Shiobhán, príomhoidí sna Gaelscoileanna áitiúla.”

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta: “Tá an áthas ar an bhForas Pátrúnachta go bhfuil Coláiste Ghlór na Mara ar oscailt agus ag soláthar oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal do cheantar Bhaile Brigín agus mór thimpeall.

“Tá an bhuíochas ag dul don choiste bunaithe, do na tuismitheoirí agus gach a chabhraigh leis an bpróiseas ar fad. Tá mé cinnte go mbeidh éifeacht ollmhór ag an scoil sa cheantar ní amháin ag soláthar oideachas den scoth ach ag tacú agus ag cothú an cultúr Gaelach sa phobal i gcoitinne.”

www.foras.ie