Méid an Téacs

Pacáiste de leabhair agus amhráin Ghaeilge

Samhain 16, 2012

Tá pacáiste tacaíochta do thuismitheoirí ar fáil ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ina bhfuil leabhrán tacaíochta, dlúthdhiosca le rannta agus leabhar rannta do pháistí. Ní gá do thuismitheoirí ach glaoch ar an Roinn (091 503 700) nó r-phost a chur chuig ctt@ahg.gov.ie le pacáiste a fháil. B’fhéidir gur fiú é a rá leis an scoil, naíonra, nó naíolann ina bhfuil do pháistí, bíodh sin ina ghael-ionad nó ná bíodh, cóip a lorg ionas go mbeidh sé ar fáil le tuismitheoirí a chur ar an eolas, nó go deimhin le húsáid a bhaint as.

Má tá an pacáiste faighte agat cheana féin, tabhair ar aird go bhfuil leabhair agus dlúthdhioscaí de chuid Futa Fata agus eile curtha leis anois agus is mór is fiú a chur isteach air arís.

Nuair a thógann tú páiste le Gaeilge, tá tú ag tabhairt buntáiste luachmhar dó/di a d’fhéadfadh cabhrú leis/léi:
1. foghlaim conas léamh agus comhaireamh
2. teangacha eile a fhoghlaim
3. scileanna cumarsáide a fhorbairt
4. post a fháil amach anseo
5. cairde nua a dhéanamh
6. a bheith páirteach i nglúin nua cainteoirí Gaeilge
7. féiniúlacht a threisiú

Pacáiste tacaíochta agus tuilleadh sonraí: 091 503700 nó ctt@ahg.gov.ie.

Bileog Eolais