Méid an Téacs

Peter Pan sa Taibhdhearc

Samhain 27, 2012

Faighigí réidh le heitilt go Never Never Land san athchóiriú ceolmhar de chuid Taibhdhearc na Gaillimhe d’úrscéal clasaiceach JM Barrie, Peter Pan. Tá an scéal draíochtúil seo, faoi bhuachaill beag nár theastaigh uaidh dul in aois, ag cur geasa ar lucht féachana leis na cianta. Tugann an scéal álainn muid ar aistear lán de dhraíocht agus de cheol go domhain i bhfad inár samhlaíocht.

Scéal faoi mhisneach, cairdeas, dílseacht, maitheas, olc agus, ar ndóigh – gan dul in aois riamh – níl dabht ar bith faoi ach gur seó é seo don teaghlach uile séasúr na Nollag seo.

Beidh Seó Nollag na bPáistí á léiriú sa Taibhdhearc an tseachtain seo chugainn, an 4 go dtí an 8 Nollaig. Is í Treasa Ní Thiarnáin atá mar stiúrthóir agus ba í Treasa a bhí ina stiúrthóir ar Peter Pan an uair dheireanach a léiríodh Peter Pan sa Taibhdhearc, in 1987

Tá ceol nua-chumtha scríofa go speisialta ag Morgan Cooke don léiriú seo. Tá taithí na mblianta ag Morgan bheith ag obair leis na páistí sna geamaireachtaí sa Taibhdhearc agus bíonn sé ag obair go rialta leis an gcuideachta drámaíochta do pháistí, Branar agus Moonfish. Is í Kate Upton atá i mbun cóiréagrafaíochta ar an dráma Peter Pan.

Is iad páistí na Gaillimhe a bheidh sna príomhpháirteanna sa dráma: Emily Ní Bhrosnacháin mar Tink, Gillian Ní Dubháin mar Peter, Ciara Ní Mhaoldomhnaigh mar Wendy, Ruairí Mac Seoinín mar Mr. Darling agus Yasmin Rather mar Mrs. Darling.

Beidh seó oíche ag tosú gach oíche ón Máirt go dtí an Aoine, ag 7.30pm, agus beidh seó ar an Satharn, an 8 Nollaig ag 3.00pm. Ní chosnaíonn na ticéid ach €10/€5 agus tá siad ar fáil ón Taibhdhearc, an tSráid Láir, Gaillimh. Cuir glao ar 091-562024 nó téigh chuig www.antaibhdhearc.com.

Gach eolas ón Taibhdhearc:
091-562024
eolas@antaibhdhearc.com