Polasaí Fhine Gael le plé ag cruinniú sa Daingean
Feabhra 14, 2011
Ag éirí as an bpolasaí sonraithe ag Fine Gael maidir leis an nGaeilge gan a bheith éigeantach san Ardteist, beidh cruinniú poiblí á thionól chun an cheist seo ar fad a chíoradh in Óstán Benner, An Daingean, oíche Déardaoin seo, 17 Feabhra, ag 8.00pm.
Tá cuireadh tugtha do na hiomaitheoirí áitiúla ar fad sa toghchán a bheith i láthair d’fhonn deis a thabhairt dóibh a ndearcadh ar an gceist seo ar fad a roinnt le pobal na Gaeltachta agus leis an bpobal i gcoitinne.
Tá an cruinniú á chur in eagar ag:
- Tuismitheoirí na Gaeltachta
- Oidhreacht Chorca Dhuibhne
- Uachtarán, Conradh na Gaeilge
- Todhchaí na Gaeltachta
- Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
- Comharchumann Dhún Chaoin
- Ceiliúradh an Bhlascaoid
- Cumann Cearta Sibhialta na Gaeltachta
- Corca Dhuibhne ag Caint
- Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh
- Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta
- Cumann Caide na Gaeltachta
- Comharchumann Forbartha Mhúscraí
- Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh
- Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne
- Aisling Geal, Múscraí