Méid an Téacs

Preaseisiúint Fhoras na Gaeilge 10/07/2013

Iúil 10, 2013

Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh an chinneadh a rinne an CATT inniu. Tá deireadh anois leis an éiginnteacht maidir leis an todhchaí, éiginnteacht a bhí ag cothú míshuaimhnis, imní agus deacrachtaí le 5 bliana. Caithfidh muid anois obair go dlúth le chéile le cinneadh an CATT a chur i bhfeidhm. Is é atá molta ag an CATT ná:

Córas nua maoinithe in áit an chórais bhunmhaoinithe a bhí ann. An cur chuige ná Fóram Comhpháirtíochta de 6 cheann-eagraíocht ag feidhmiú ar bhonn uile-Éireann ag plé leis na réimsí:

1.      Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge

2.      Oideachas in earnáil an Bhéarla, agus d’aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile

3.      Forbairt Phobail agus Eacnamaíochta

4.      Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán

5.      Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht

6.      Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga

Dar le Foras na Gaeilge is réimsí thar a bheith tábhachtach iad seo má tá an teanga le brú chun cinn agus má tá an Straitéis 20 bliain agus an Dréacht Straitéis ó thuaidh le cur i bhfeidhm go héifeachtach. Anuas air sin beidh Scéim Raidió Pobail ann agus beidh muid ag plé le Coláiste Ollscoile Naomh Muire maidir le soláthar áiseanna tríd an Áisaonad Lán-Ghaeilge atá lonnaithe sa choláiste.

Ní hé go mbeidh Foras na Gaeilge ná na sé cheanneagraíocht ag dul don obair seo leo féin. Mhol an CATT chomh maith go mbunófaí dhá ghrúpa ar leith:

A)    Fóram Comhpháirtíochta  a bheidh comhdhéanta de cheannasaithe  na 6 cheann-eagraíocht agus Foras na Gaeilge le comhoibriú agus comhphleanáil a dhéanamh leis an obair ar fad a chomhtháthú. Beidh an grúpa seo ag aontú plean straitéiseach don earnáil agus pleananna a chéile agus ag cinntiú go mbeidh na ceann-eagraíochtaí ag obair go dlúth as lámha a chéile leis an chuid is fearr a dhéanamh don teanga.

B)    Fóram Forbartha Teanga don oileán a bheidh comhdhéanta de ghrúpaí agus eagrais phobail atá maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tabharfaidh an grúpa seo aischothú don Fhóram Comhpháirtíochta ar fheidhmiú na dtionscadal ar an talamh agus déanfaidh siad moltaí maidir leis an bhealach chun tosaigh.

Tá obair mhór romhainn uilig má tá an clár ama leagtha síos ag an CATT le cur i bhfeidhm. Tá na socruithe nua le teacht i bhfeidhm ó 01 Iúil 2014. Caithfear toiseacht ar an phleanáil agus na cainteanna láithreach bonn agus beidh Foras na Gaeilge ag iarraidh bualadh leis na heagrais sna laethe agus sna seachtainí romhainn le tús a chur leis an phróiseas athraithe.

Tuilleadh Eolais:

Gearóid Mag Uibhrín

Cumarsáid & Margaíocht

0871779018

gmaguibhrin@forasnagaeilge.ie