Méid an Téacs

Príomhoide ceaptha ar ghaelscoil nua Chill Dara

Bealtaine 16, 2013

Osclófar Gaelscoil nua i mBaile Chill Dara i 2013 faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta. Is scoil trí mheán na Gaeilge a bheidh ann a bhfuil comhoideachasúil agus a mbeidh sainspiorad ilchreidmheach aici.

Beidh an scoil nua lonnaithe i meánscoil an choiste gairmoideachais i mBaile Chill Dara, áit ina bhfuil Educate Together lonnaithe chomh maith. Tá An Foras Patrúnachta ag glacadh le hiarratais fós d’áiteanna sa scoil nua. Ba cheart do thuismitheoirí a bhfuil suim acu sa scoil seo, an fhoirm iarratais a líonadh isteach.

Ba cheart do thuismitheoirí an fhoirm iarratais a líonadh isteach agus a chur sa phost chuig An Foras Patrúnachta, Bloc K3, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co Chill Dara chomh luath agus is féidir..

Cur aithne ar an bpríomhoide nua: Norma Ní Chonchúir

“Is as Ciarraí dom. Bhog mé go Cill Dara ocht mbliana ó shin nuair a fuair mé mo chéad phost agus táim tar éis múineadh i nGaelscoil Chill Dara ó shin. Ocht mbliana den scoth a bhí iontu i scoil a chuireann ard-chaighdeán oideachais ar fáil.

“Rinne mé B.Oid i gColáiste Mhuire gan Smál agus M. Oid in Ollscoil na hÉireann Má Nuad. Chinn mé bheith i mo mhúinteoir mar is aoibhinn liom a bheith ag obair le páistí agus bhí éispéireas scolaíochta an-dearfach agam féin; bhí múinteoirí iontacha spreagúla agam agus mé ar scoil. Freisin, tá an-ghrá agam don Ghaeilge agus tá an-suim agam í a chur chun cinn.

“Is deis iontach dom é agus is mór an onóir domsa an post a ghlacadh mar phríomhoide ar an nGaelscoil Nua i mBaile Chill Dara. Táim ag siúl go mór leis an bpost nua. Tá an-éileamh ar an nGaelscolaíocht sa cheantar agus tá sé iontach go bhfuil gaelscoil nua á oscailt chun freastal ar an éileamh sin.

“Gaelscoil ilchreidmheach a bheidh inti. Is ard-chaighdeán oideachais trí mheán na nGaeilge a chur ar fáil ná an sprioc i dtimpeallacht foghlama dearfach, taitneamhach agus oscailte. Tá sé mar sprioc agam scoil le hatmaisféar chomhmheasa a chothú, áit a bhfuil páistí spreagtha agus muiníneach iontu féin agus a mhúintear na scileanna saoil dóibh atá uathu mar saoránaigh na tíre seo.”

www.foras.ie