Méid an Téacs

Ranganna tacaíochta do scoláirí GCSE i nDoire

Lúnasa 23, 2013

Tá lúcháir an domhain ar Chultúrlann Uí Chanáin fógairt go mbeidh dhá scéim ar fáil do dhaltaí meánscoile. Is cúrsa tacaíochta é “Gabh le Gaeilge” do dhaltaí ag tabhairt faoi GCSE Irish i 2014 nó 2015. Cuideoidh an clár 30 seachtain leis na daltaí na torthaí is fearr a bhaint amach, le tacaíocht ó theagascóir den chéad scoth. Beidh an cúrsa ar siúl 2 uair an chloig in aghaidh na seachtaine ag Cultúrlann Uí Chanáin, i ndiaidh am scoile ar an Chéadaoin. Seo an chéad scéim den chineál seo le bheith ar siúl i nDoire, agus tá sí maoinithe ag Foras na Gaeilge leis an aidhm go n-ardófar torthaí GCSE Irish.

Is é an dara scéim “Léann Do Dhéagóirí” cúrsa sainiúil d’iar-Ghaelscoláirí atá anois ag freastal ar mheánscoileanna Béarla. Is é an cúrsa seo an t-aon soláthar dá chineál atá ar fáil i nDoire do na daltaí seo. Is í an aidhm is mó atá ag an chúrsa ná cinntiú go bhfuil na scoláirí seo go fóill ag foghlaim Gaeilge ar an leibhéal ceart, agus deis acu tabhairt faoi scrúduithe. Tá an cúrsa seo á reáchtáil ag an Chultúrlann le trí bliana anuas, agus bíonn torthaí den scoth agus soláthar ardchaighdeánach i gcónaí i gceist leis an chúrsa mar gheall ar an sár-theagascóir a bhíonn á theagasc.

Tosóidh an dá chúrsa i Meán Fómhair 2013, agus is é an costas atá orthu ná £20 – margadh iontach!!!! Le haghaidh tuilleadh eolais, nó le clárú ar na cúrsaí is féidir teagmháil a dhéanamh le Ciara nó le Fiachra: ciara@culturlann-doire.ie / fiachra@culturlann-doire.ie nó teileafón 028 7126 4132.