Méid an Téacs

Rith 2014 ag druidim linn

Eanáir 17, 2014

Is gearr uainn anois go mbeidh Rith 2014 faoin lán seol.

Ar an 7 Márta 2014, cuirfear tús le Rith 2014, ollrith náisiúnta timpeall na tíre, le bata sealaíochta ag athrú láimhe idir dhaoine agus ghrúpaí reatha gach uile chiliméadar ó chuige Mumhan suas chomh fada le cúige Uladh.

Is féile náisiúnta Gaeilge é Rith 2014 a bheidh ar siúl ó 7-15 Márta 2014 i rith Sheachtain na Gaeilge. Ceithre bliana ó shin ghlac suas le 20,000 duine páirt i Rith 2010 agus dhá bhliain ina dhiaidh sin eagraíodh Rith 2012. Bhí an-rath ar na hócáidí seo agus tá súil ag an lucht eagraithe go go dtiocfaidh an pobal amach chun rith leo arís i mbliana agus go n-éireoidh thar barr le Rith 2014.

Beidh daoine ó cheann ceann na tíre ag glacadh páirt san ollrith a mhairfidh ar feadh 9 lá, ag rith ó mhaidin go hoíche, trí breis is 200 baile agus 14 Contae, idir Chúige Mumhan, Chúige Laighin agus Chúige Uladh. Is féidir le daoine ciliméadar a cheannach agus é sin a rith ó thús go deireadh. Tá os cionn 700 ciliméadar ar díol mar chuid de Rith 2014 agus ta fáilte roimh aon duine nó aon ghrúpa ciliméadar a cheannach ar an gcúrsa.

Cuirfear tús la Rith 2014 i mBaile Bhuirne i gCo. Chorcaí ar an 7 Márta 2014. As sin déanfaidh an rith a bhealach chomh fada le Eochaill, Rinn Ó gCuanach, Ros Mhic Thriúin agus an tInbhear Mór. As Bhaile Átha Cliath rachaidh sé ar aghaidh chuig an Uaimh, Ceanannas, an Cabhán, Cluain Eois i gCo. MhuineacháinMonaghan, Inis Ceithleann i gCo. Fear Manach, an Ómaigh agus an Srath Bán i gCo. Thír Eoghain agus chomh fada le Leifear i dTír Chonaill.

As sin rachaidh an rith ar aghaidh chomh fada le Machaire Rátha i nDoire, Ard Mhacha, Iúr Chinn Trá, Dún Pádraig agus críochnóidh Rith 2014 i gcroílár Bhéal Feirste ar an 15 Márta áit léifear amach an teachtaireacht tacaíochta don Ghaeilge a bhíonn sa bhata ag ceiliúradh mór.

Is ar son na Gaeilge a bhíonn daoine ag rith, i gcontaetha éagsúla agus arís i mbliana tugtar cuireadh don phobal, scoileanna, grúpaí áitiúil agus aon duine ar mhian leo páirt a ghlacadh dul amach agus rith ar son na teanga.

Is féidir le daoine ciliméadar a cheannach nó tuilleadh eolais a fháil maidir le cúrsa Rith 2014 ar: www.rith.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com