Méid an Téacs

Roghnaigh an Ghaeilge mar dhea-rún na hAthbhliana

Eanáir 14, 2014

Mura bhfuil dea-rún na hathbhliana roghnaithe go fóill agat tuige nach gcuireann tú béim ar úsáid níos mó a bhaint as do chuid Gaeilge i mbliana.

Idir ranganna Gaeilge, ciorcail chomhrá agus maidineacha caife trí Ghaeilge, tá rogha leathan d’imeachtaí ar fáil ar fud na tíre agus thar lear do dhaoine idir óg agus aosta ar mhian leo níos mó úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge.

Le blianta beaga anuas tá an-deis ag daoine bualadh le chéile agus a gcuid Gaeilge a labhairt ag ionaid éagsúla i Manchain, Glaschú, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, san Astráil agus ar fud na hEorpa chomh maith.

Tá an-tóir ar an nGaeilge i Londain áit a mbíonn The London Irish Centre i gCearnóg Camden ag reáchtáil ranganna Gaeilge i rith na bliana agus cuirfear tús lena chúrsa Gaeilge deich seachtaine ar an14 Eanáir 2014, www.londonirishcentre.org.

I gCúige Mumhan beidh Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag reáchtáil réimse iontach de chúrsaí Gaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne i rith na bliana ina measc tá cúrsaí cruinnis, ghearrchúrsaí sa Ghaeilge labhartha, stair áitiúil agus béaloideas Chorca Dhuibhne, siúlóidí Oidhreachta agus nasctar an Ghaeilge le filíocht agus ealaín. Cuirfear tús leis na cúrsaí i mí Feabhra 2014. Tá gach eolas ar fáil ar www.oidhreacht.ie.

Ag fanacht i gcúige Mumhan cuirfidh Gael Taca atá lonnaithe ar Phort Uí Shúilleabháin i gCathair Chorcaí tús lena chuid ranganna ar 27 Eanáir 2014. Bíonn ciorcal comhrá acu ansin gach maidin Dé Máirt agus tá gach eolas acu i dtaobh ionad eile timpeall na cathrach a mbíonn ciorcal comhrá á reáchtáil acu, déan teagmháil leo ag 021-4310841 nó www.gael-taca.com.

Cuireann Scoil Surfála Freedom atá lonnaithe ar an Trá Mhór i gCo. Phort Láirge neart imeachtaí farraige trí mheáin na Gaeilge ar fáil do dhaoine óga ó cheann ceann na bliana.
Bíonn neart turais acu atá feiliúnach do ghrúpaí bun-scoile agus iar-bhunscoile, www.freedomsurfschool.com.

Arís i mbliana beidh Gaelchultúr ag tairiscint ranganna Gaeilge agus ranganna ar líne atá oiriúnach do gach leibhéal do dhaoine fásta i mBaile Átha Cliath agus beidh sraith an earraigh de chúrsaí Gaeilge á reáchtáil acu i gCeatharlach i gcomhar le Glór Cheatharlach i dtús mhí Feabhra 2014.

Anuas air seo, cuireann Gaelchultúr dianchúrsa ullmhúcháin ar fáil d’agallaimh chúrsa an Dioplóma Iarchéime san Oideachas, dianchúrsa ullmhúcháin i gcruinneas na Gaeilge mar aon le Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán. Tá siad ag ofráil Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil do dhaoine freisin, teastas a chabhróidh le fostaithe san earnáil phoiblí cumarsáid níos fearr a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus feabhas a chur ar a gcuid scileanna labhartha, www.gaelchultúr.com.

Cuireann Gael Linn rogha de ranganna ar fáil freisin d’fhoghlaimeoirí fásta, idir bhunranganna i mBaile Átha Cliath, choláistí samhraidh do dhaoine fásta i nGaoth Dobhair agus deireadh seachtainí i nGaeltacht Ráth Chairn.Cuirfear tús le clár 2014 ar 20 Eanáir 2014.

Anuas ar seo cuireann Gael Linn neart cúrsaí éagsúla ar siúl do dhaoine óga idir ranganna ullmhúcháin do Bhéaltriail na hArdteistiméireachta a bheidh ar siúl ar 1, 8, 15 agus 22 Márta 2014 agus beidh siad ag reáchtáil cúrsa cumarsáide do dhaltaí na hidirbhliana mar aon le deireadh seachtaine go dtí an Ghaeltacht, www.gael-linn.ie.

Beidh neart ranganna á reáchtáil i gCeannáras an Chonartha ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath agus cuirfear tús leo idir 28-30 Eanáir 2014 agus tá rogha idir leibhéil éagsúla ar fáil chun freastal ar gach duine. Le cúpla bliain anuas tá togra dar teideal ‘Is Leor Beirt’ á reáchtáil acu agus tugann sé seo deis do dhaoine bualadh le chéile trí Ghaeilge i gcaife nó in ionaid éagsúla timpeall na tíre agus thar lear.

In iarthar na tíre tá rogha úr ranganna Gaeilge do gach leibhéal ar fáil in Áras na nGael ó Chonradh na Gaeilge, Gaillimh agus iad ag tosú ar an 27 Eanáir 2014. Bíonn neart ranganna eile á reáchtáil ag craobhacha Chonradh na Gaeilge ó cheann ceann na tíre, www.cnag.ie.

Tá Coláiste Uisce lonnaithe ar an Eachléim i gCo. Mhaigh Eo ag plé le cúrsaí agus spóirt trí Ghaeilge do dhaoine óga le blianta anuas. Cuireann siad cúrsaí tonnmharcaíocht ar fáil trí Ghaeilge mar le diansraith scrúdaithe Gaeilge agus go leor eile. Tá liosta iomlán dá gcuid seirbhísí ar fáil ar www.uisce.ie.

I gCúige Uladh, cuireadh tús le cúrsa Gaeilge d’fhoghlaimeoirí le Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire an tseachtain seo caite agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh cúpla seachtain, www.culturlann-doire.ie. Tá na Ranganna Gaeilge arna eagrú arís in ionad An Carn, Tír Chiana i Machaire Rátha i gCo. Dhoire agus cuirfear tús leo seo ar 13 Eanáir. Tá gach eolas ar fáil uathu ag 028 7954 9978 nó www.ancarn.org.

I gCultúrlann McAdam Ó Fiach i mBéal Feirste cuirfear tús le ranganna Gaeilge chomhrá agus bunranganna ar an 15 Eanáir, www.culturlann.ie. Ag fanacht i mBéal Feirste tá ranganna á reáchtáil ag an Droichead ar Shráid Cooke i mBéal Feirste arís an Eanáir seo, www.androichead.com.

Beidh ranganna Gaeilge ar siúl i gceantar na hÓmaí mar aon le ranganna amhránaíocht ar an sean-nós agus ranganna damhsa ar an sean-nós. Tá neart eolais maidir leis na himeachtaí seo ar fad ar an Ómaigh ar fáil ó Kevin Goodwin ag 0044 (0)28 8225 6220.

Dóibh siúd ar mhian leo aghaidh a thabhairt ar Thír Chonaill, cuireann Oideas Gael oiliúint ar fáil i nGleann Cholm Cille gach bliain trí réimsí leathan de chúrsaí a bhíonn ceangailte leis an timpeallacht agus le cultúr na háite – siúlóidí sléibhe, ceol agus siamsaíocht agus ealaíon, www.oideas-gael.com.

Tá eolas maidir le ranganna agus ciorcal comhrá agus imeachtaí Gaeilge eile ag grúpaí áitiúil, eagrais agus ag leabharlainne i gceantair éagsúla má tá ort a theacht ar rang i do cheantar.

Tá tuilleadh cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí ar ábhar eile ach a mhúintear trí mheán na Gaeilge ar fáil ar http://www.gaelport.com/cursai.

Foilsithe ar Gaelport.com