Méid an Téacs

Rónán Ó Domhnaill ainmnithe ag an Rialtas do phost an Choimisinéara Teanga

Feabhra 11, 2014

Comharba Sheáin Uí Chuirreáin le ceapadh ag Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn

Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D, go bhfuil an t-iriseoir Rónán Ó Domhnaill de bhunadh Ghaeltacht na Ceathrún Rua ainmnithe do phost an Choimisinéara Teanga.

Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é Ó Domhnaill agus tá sé ag obair le Nuacht RTÉ/TG4 mar chomhfhreagraí polaitíochta le seacht mbliana anuas.

21 léiriú spéise a bhfuarthas ar phost an Choimisinéara Teanga ag eascairt as fógra an Choimisinéara reatha, Seán Ó Cuirreáin, i mí na Nollag go mbeidh sé ag éirí as a ról ar 23 Feabhra 2014 de bharr theip an Rialtais i leith chur i bhfeidhm beartais reachtaíocht teanga ag leibhéal an Stáit.

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga in 2004 faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 mar fhoras monatóireachta i leith comhlíonadh fhorálacha an Achta sa státchóras agus ba mhór an díospóireacht a chruthaigh fógra Uí Chuirreáin ó mhí na Nollag agus cáineadh an Rialtas go géar bunaithe ar na cúiseanna a tugadh i dtaca le cinneadh an chéad Choimsinéara Teanga ceaptha riamh.

Agus é ag fógairt ainmniúchán an Rialtais, dúirt an tAire Stáit: “Tá áthas orm go bhfuil an tUasal Ó Domhnaill tar éis glacadh leis an ainmniúchán don phost mar Choimisinéir Teanga úr. Tá ardmheas ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta air ina cháil mar chomhfhreagraí polaitíochta agus tá mé cinnte go rachaidh an taithí atá aige i dtairbhe go mór dó mar Choimisinéir Teanga”.

Ról dúshlánach a bheas i ndán do Ó Domhnaill ina mbeidh air, de réir thuairisciú an Choimisinéara reatha, lagú chóras na scéimeanna teanga, easpa inniúlacht Ghaeilge an státchórais, beartas úr lochtach earcaíochta na Státseirbhíse agus an easpa iniúchtá ná léirmheastóireachta neamhspleách a dhéantar ar fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Anuas air sin tá Cinn an Bhille maidir leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a fógraíodh in 2011 fós le haontú agus tugadh le fios le déanaí go bhfuil Oifig an Choimisinéara fós ag fanacht ar shoiléiriú maidir le ‘Plean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí 2011’ ina fógraíodh go n-aistreofaí cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga chuig Oifig an Ombudsman.

Tá comhghairdeas déanta ag an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin le Rónán Ó Domhnaill, “Tá súil agam go n-éireoidh go hiontach leis agus é ag dul i ngleic leis na dúshláin éagsúla a bhaineann le cur chun cinn chearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta” a dúirt sé.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Donnchadh Ó hAodha, “Is maith é gur fhógair an Rialtas Coimisinéir Teanga nua agus cuirim fáilte roimh Rónán Ó Domhnaill nuair a thosóidh sé sa phost dúshlánach i ndiaidh 23 Feabhra 2014. Tá an gníomh is tábhachtaí á sheachaint ag an Rialtas áfach, is é sin le rá, cur i bhfeidhm na moltaí atá déanta ag Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga reatha”.

Tabharfar aghaidh ar mholtaí Sheáin Uí Chuirreáin agus an “cur i gcéill” a d’ardaigh sé, mar aon le dúshláin an Choimisnéara úir agus neart ábhar tromchúiseach eile, nuair a rachaidh an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. os comhair an Fhochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara ar 6 Márta 2014.

Is é Uachtarán na hÉireann a dhéanann duine a cheapadh mar Choimisinéir Teanga ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rúin a rith ag moladh an duine a cheapadh. Mairfidh tréimhse an cheapacháin ar feadh tréimhse sé bliana.

Foilsithe ar Gaelport.com