Méid an Téacs

ROS: Aighneachtaí á Lorg maidir le Ráiteas Straitéise Nua 2015-2017

Meán Fómhair 25, 2014

De réir fhorálacha an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997, tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag ullmhú Ráiteas Straitéise nua don tréimhse trí bliana ó 2015 go 2017. Beidh an eochairdhoiciméad beartais seo ag díriú ar thosaíochtaí Rialtais agus léagfaidh sé amach treo straitéiseach agus spriocanna ardleibhéil na Roinne don tréimshe sin.

Mar pháirt den phróiseas seo, táimid ag dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus cliaint agus bhéimis buíoch as do mholtaí, ionchur agus tuairimí a fháil maidir le haon saincheisteanna straitéiseach ba cheart, i do thuairim, cur san áireamh inár Ráiteas Straitéise.

Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna freagrach as oideachas agus oiliúnt in Éirinn agus is é a misean ná a chumasú d’fhoghlaimeoirí a n-acmhainneacht iomlán a chomhlíonadh agus rannchuidiú le forbairt gheilleagrach, shóisialta agus chultúrtha na hÉireann.

Sa dóigh is go gcomhlíonfar an misean seo, tá na cuspóirí seo a leanas ag an Roinn:

Córas oideachais scoile agus blianta luatha ar ardchaighdeán a sholáthar, le torthaí foghlama feabhsaithe.

Deiseanna a sholáthar do bhreisoiliúint agus d’athoiliúint a chomhlíonfaidh riachtanais daoine aonair agus riachtanais an mhargaidh shaothair.

Deiseanna foghlama, taighde agus nuála ar ardchaighdeán a sholáthar san earnáil ardoideachais.

Bonneagar cuí a phleanáil agus a sholáthar do thimpeallachtaí foghlama.

Chun tacú leis na cuspóirí ard-leibhéil seo, tá an Roinn páirteach i réimse leathan gníomhaíochtaí a chlúdaíonn na príomheilimintí a bhaineann le pleanáil pholasaithe, cinntiú cáilíochta, acmhainní a chur ar fáil, rialachán agus meastóireacht, mar aon le réimse leathan seirbhísí tacaíochta a sholáthar don earnáil oideachais.

Beidh ár Ráiteas Straitéise nua bunaithe ar an doiciméad Earnáil Oideachais agus Oiliúna na hÉireann-Forbhreathnú ar an soláthar seirbhíse agus leasú, ar fáil le híoslódáil anseo, agus díreoidh sé ar na ceithre príomhthéamaí An Fhoghlaim don Saol, Feabhas a chur ar an gCaighdeán agus ar an bhFreagracht, Ag tacú leis an gCuimsiú agus leis an Éagsúlacht agus Na Córais Chearta agus an tInfreastruchtúr Ceart a chur le chéile. Bhéimís buíoch as do thuairimí a fháil maidir leis an gcur chuige seo.

Tá níos mó eolais maidir lenár ngníomhaíochtaí gnó le fáil ar Bainistíocht & Eagar. Is féidir ár Ráiteas Stráitéise reatha 2011-2014 a íoslódáil anseo .Má tá fonn ort ionchur nó moltaí a chur faoinár mbráid, seol d’aighneacht trí ríomhphost, le do thoil, roimh an Aoine 10ú Deireadh Fómhair, chuig: Ríomhphost: corporate_governance@education.gov.ie