Méid an Téacs

Saoire Gaeilge do theaghlaigh i gCiarraí agus i nDún na nGall

Aibreán 2, 2015

Tá Glór na nGael ag reáchtáil trí ócáid laethanta saoire teaghlaigh le linn an tsamhraidh seo. Mar a bhí roimhe seo, beidh saoire samhraidh ann do theaghlaigh sa Ghaeltacht i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí ón 8 go dtí 15 Lúnasa agus is do theaghlaigh lán-Ghaeilge amháin an saoire seo.

Tá dhá shaoire eile de sheachtain amháin an ceann á reáchtáil ag Glór na nGael san Ionad Oideachais agus Traenála i nGartán, Co. Dhún na nGall. Beidh an chéad seachtain saoire i nGartán ar siúl ó 11 go dtí 18 Iúil agus is do theaghlaigh lán-Ghaeilge amháin an saoire seo. Beidh an dara seachtain saoire i nDún na nGall ar siúl ó 19 go dtí 24 Iúil agus beidh an ócáid seo dírithe ar theaghlaigh nach bhfuil labhairt na Gaeilge ag duine de na tuismitheoirí. Beidh ranganna idirghníomhacha comhrá Gaeilge ar siúl le linn na seachtaine do thuismitheoirí gan líofacht sa teanga le cuidiú leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Is saoire eachtraíochta iad seo agus beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl ó lá go lá a bheidh oiriúnach do pháistí d’aoiseanna difiriúla agus a gcuid tuismitheoirí.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí dul i dteagmháil le:
Glór na nGael ar 00353 58 24642 nó ar ríomhphost ag marcas@glornangael.ie.