Méid an Téacs

“Saol Faoi Shráid” – Seó nua Fíbín ar chamchuairt do Sheachtain na Gaeilge

Feabhra 9, 2015

“Saol Faoi Shráid” – Seó nua Fíbín!

Tá Ríbín agus Glibín ag dul sa tóir ar thaisce! Nuair a thiteann mapa ón domhan thuas isteach ina saol faoi tsráid, téann na cairde uilig ar thuras mór. Castar rudaí iontacha – agus scanrúil uaireanta – orthu ach bí cinnte go mbíonn spraoi acu i gcónaí!

Cuireann Fíbín i láthair “Saol Faoi Shráid” le Patricia Forde, stiúrtha ag Rod Goodall (Barnstorm) – dráma puipéadóireachta bunaithe ar an sraith teilifís “Saol Faoi Shráid” atá ar TG4 anois – www.saolfaoishraid.ie

Mar pháirt de Sheachtain na Gaeilge 2015  www.snag.ie

Dátaí Camchuairte:

BÉAL FEIRSTE:
Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, 28ú Feabhra 11.30rn mar chuid de Sheoladh Seachtain na Gaeilge. Saor in aisce

AN IAR MHÍ:
Mullingar Arts Centre, 3ú Márta 10rn & 12in. Guth: 044 934 7777

MAIGH EO:
Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead 5ú Márta 11rn Guth: 097 81079

CONAMARA, CO. NA GAILLIMHE:
Seanscoil Sailearna, Indreabhán 9ú & 10ú Márta 10rn & 12in. Guth: Fíbín 091 505855

BAILE ÁTHA CLIATH:
Liberty Hall Theatre, BÁC 1, 12ú & 13ú Márta 10rn & 12in. Guth: Fíbín 091 505855

CATHAIR NA GAILLIMHE:
An Taibhdhearc, 18ú & 19ú Márta 10rn & 12in ar an 18ú agus 10rn ar an 19ú. Guth: 091 563600

Aoisghrúpa: Naonáin Bheaga – Rang a Dó (4 – 8 mbliana d’aois)

Ticéid: €8 nó €7 má cuirtear ticéid in áirithe roimh 13ú Feabhra. Múinteoirí saor in aisce.
Tuilleadh eolais www.fibin.com

Saol Faoi Shráid