Scléip ar Raidió na Gaeltachta ag 09.00 an Satharn seo!
Meitheamh 7, 2012
Rinneadh cláir do Raidió na Gaeltachta as na babhtaí agus an craobh Scléip agus tá an-áthas orainn na dátaí don 5 chlár sin a fhógairt.
Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán Ghaeilge agus Gaeltachta. Thosaigh Scléip sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith. Is é príomhaidhm an chomórtais ná daltaí na niar-bhunscoileanna a spreagadh le Gaeilge a úsáid i réimsí éagsúla de na healaíona trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtas spreagúil agus spéisiúil.
Craolfar an chéad chlár de Scléip ar Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn an 9ú Meitheamh ag a 9.00 r.n, agus gach Satharn ina dhiaidh sin ar feadh 5 seachtaine:
- Babhta Laighean: 9ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
- Babhta Mumhan: 16ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
- Babhta Ulaidh: 23ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
- Babhta Chonnachta: 30ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
- Craobh Ceannais: 7ú Iúil 2012 @ 9.00 r.n
Comhghairdeas arís leis na buaiteoirí agus a gcuid scoileanna agus ár mbuíochas mór le Fiachna Ó Braonáin agus a fhoireann as Raven Productions, a rinne taifead ar an gcomórtas i mbliana thar ceann Raidió na Gaeltachta.