Méid an Téacs

Scléip Gael Linn 2016

Meán Fómhair 1, 2015

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna
lán-Ghaeilge. Cuireann sé béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe. Tugann sé deis do dhaltaí iar-bhunscoile ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus sceitsí nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.

Anuraidh ghlac Gael Linn ceannas ar Scléip den chéad uair agus fuaireamar an-chabhair ó fhoireann Gaelscoileanna. Bhíomar an-tógtha leis an tallann ar fad a chonaiceamar timpeall na tíre agus bhaineamar an-sásamh as na comórtais tríd is tríd. Chonaic muid go raibh tóir níos mó ar chomórtais áirithe agus cheapamar go raibh gá rialacha níos soiléire a leagan síos i gcomórtais eile. Chun freastal ar an spéis mhór atá ag daoine óga sa ghrúpamhránaíocht tá comórtas nua curtha ar an
gclár againn i mbliana freisin, comórtas slua-amhránaíochta le fuaimrian taca.

Tá cead á thabhairt againn do scoileanna suas le beirt iomaitheoirí/dhá ghrúpa a iontráil i ngach comórtas, (i.e. 2 Sóisear & 2 Sinsear) seachas dhá iontráil ina iomláine mar a bhí ceadaithe anuraidh.
Tá súil againn go méadóidh sé seo líon na n-iomaitheoirí ag na réamhbhabhtaí réigiúnacha.
Chuireamar na smaointe seo i láthair na múinteoirí a bhí páirteach linn anuraidh agus glacadh go fonnmhar leo.

Tá sé i gceist againn na réamhbhabhtaí agus an chraobh a bheith ar siúl ins na hionaid agus ar na dátaí thíosluaite. Tabhair faoi deara go mbeidh an chraobh ar lá scoile i mbliana seachas ar Shatharn, mar a bhí anuraidh. Bígí linn!

An dáta deiridh d’iontrálacha ná 19 Deireadh Fómhair 2015!

Tuilleadh eolas: Scléip2016-Final_Web