Scoil Earraigh don Phleanáil Teanga – An Mionteangachas: an Duine sa Phobal
Feabhra 11, 2011
Tugann Ollscoil na hÉireann Gaillimh cuireadh dóibh siúd ar spéis leo an phleanáil teanga agus an éagsúlacht chultúrtha, freastal ar Scoil Earraigh don Phleanáil Teanga a bheidh á reáchtáil ag Aonad na Pleanála Teanga, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Dé Luain 28 Márta 2011.
Glacfaidh taighdeoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta páirt sa Scoil Earraigh le súil is go spreagfar plé agus machnamh ar réimsí éagsúla na pleanála teanga, agus ar na ceachtanna atá le foghlaim ón gcomhthéacs leathan sóisialta, polaitíochta agus cultúrtha ina bhfuil mionteangacha an domhain ag maireachtáil.
I measc na n-aoíchainteoirí beidh: Dr Enlli Thomas, Ollscoil Bangor sa Bhreatain Bheag, Dr Peadar Ó Flatharta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Dr F. Xavier Vila i Moreno, Ollscoil Barcelona, An Chatalóin agus Dr John Walsh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Ionad: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i Sciathán Bailey Allen
Dáta: Dé Luain 28 Márta 2011
Táille: €40 agus mic léinn saor in aisce
Clárú: 9.00 – 9.30rn Dé Luain 28 Márta 2011
Fiosrúcháin: Laoise Ní Thuairisg ag laoise.nithuairisg@oegaillimh.ie nó (091) 595101
Aonad na Pleanála Teanga, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Is féidir clár na Scoile Earraí a íoslódáil anseo.