Méid an Téacs

Scoil Lorcáin – Oíche na gCuimhní

Bealtaine 27, 2014

Ba mhaith le Scoil Lorcáin, Cearnóg Eataon, Baile na Manach, B.Á.C. cuireadh a thabhairt d’iarscoláirí agus d’iarthuismitheoirí teacht chuig Oíche na gCuimhní i Scoil Lorcáin 7.00 – 10.00 in. Dé hAoine 13 Meitheamh.

Tá an oíche seo á reachtáil mar go mbeidh obair mhór athfhorbartha ag tosú go luath.  Mar chuid den athfhorbairt tógfar seomraí nua, déanfar athchóiriú ar an scoil mhór (Scoil na gCailíní) agus leagfar an seanfhoirgneamh ar cúl (Scoil na mBuachaillí).  Is mian linn seans a thabhairt do phobal na scoile cuairt amháin eile a thabhairt ar an scoil sula dtosaíonn an tógáil seo.  Tá feachtas bhailiú airgid ar siúl againn faoi láthair agus beidh seans ag daoine bríce a cheannach don scoil nua, más mian leo.

Féach www.scoillorcáin.ie nó Facebook: ScoilLorcáin nó Twitter: ScoilLorcáin

Scoil Lorcáin

Scoil Lorcáin