Méid an Téacs

Scoláireachtaí €2,000 ar fáil do mhic léinn

Iúil 24, 2012

Tá sé fógartha ag Fiontar go gcuirfear cúig scoláireacht ar luach €2,000 an ceann ar fáil do mhic léinn a bheidh ag tabhairt faoin MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais sa bhliain romhainn.

Is cúrsa páirtaimseartha é an MSc atá dírithe ar chéimithe a bhfuil sé i gceist acu poist bhainistíochta nó poist forbartha a fháil sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí.

Déantar mic léinn a ullmhú don saol oibre sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí tríd na sainscileanna is úra sa ghnó agus sa teicneolaíocht a sholáthar dóibh.

Déantar an MSc a bhaint amach thar dhá bhliain trí fhreastal ar ranganna ag an deireadh seachtaine ar champas DCU, i dtuaisceart na príomhchathrach.

Bronnfar 5 scoláireacht ar luach €2,000 ar an gcúigear mac léinn is fearr ag deireadh na chéad bhliana. Cé go n-íocfaidh na mic léinn a roghnaítear as an chéad bhliain den chúrsa, toisc go bhfuil an MSc aitheanta ag an Údarás um Ardoideachas (HEA) faoin gclár Riachtanas Scileanna, níl ach táille €2,750 ar an gcúrsa ina iomlán.

Is trí Ghaeilge a mhúintear an MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais agus is riachtanas é a bheith líofa sa Ghaeilge labhartha agus scríofa.

Breis eolais: Sally Mhic Dhomhnaill 01 700 5614

www.dcu.ie/fiontar, fiontar@dcu.ie