Méid an Téacs

Seachtain na Gaeilge 2013

Nollaig 10, 2012

Le linn Seachtain na Gaeilge 2013 beidh ceiliúradh mór á dhéanamh ar ár dteanga dúchais, ár n-oidhreacht agus ár gcultúr fur na tíre agus thar lear ón 4 – 17 Márta 2013.

Cuireann Seachtain na Gaeilge úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn anseo in Éirinn agus thar lear mar chuid d’fhéile choicíse a ritear i mí an Mhárta gach uile bhliain. Tugann an fhéile deis do gach uile dhuine, idir chainteoirí dúchasacha agus iad siúd a fhaigheann a gcéad bhlaiseadh den teanga, spraoi a bheith acu leis an nGaeilge.

Agus Bliain na Gaeilge á ceiliúradh mar aon le Tóstal Éireann i 2013, beidh Seachtain na Gaeilge 2013 ar an bhféile is idirnáisiúnta go dtí seo. Beidh idir chainteoirí líofa agus fhoghlaimeoirí na Gaeilge ó thíortha thar lear á mealladh go hÉirinn le páirt a ghlacadh sa spraoi ó 4 – 17 Márta 2013, áit go mbeidh imeachtaí spraíúla go leor ag spreagadh an pobal chun a gcuid Gaeilge a úsáid

Mar ambasadóirí ar Sheachtain na Gaeilge 2013 beidh an láithreoir ar an gclár an Jig Gig Róisín Ní Thiomáin as Gaillimh, an láithreoir Spóirt le RTÉ Evanne Ní Chuilinn as Cill Chainnigh agus ar ndóigh an dornálaí aitheanta Paddy Barnes as Béal Feirste, fear óg a rinne ionadaíocht ar son na tíre seo ag na cluichí Oilimpeacha i Londain in 2012.

Beidh ceiliúradh mór á dhéanamh ar an nGaeilge agus ár n-oidhreacht le neart ceoil traidisiúnta, damhsa, litríochta, chultúr le linn an tréimhse sin in ionaid éagsúla timpeall na tire seo agus thar lear. Beidh ceolchoirmeacha éagsúla agus an Ghaeilge i measc an phobail go mór.

Beidh leabharlainne ar fud na tire mar aon le Ard-Mhúsaem na hÉireann ag glacadh páirt sa cheiliúradh le imeachtaí éagsúla cultúrtha agus stairiúla agus an-deis ag daoine comhrá as Gaeilge.

I measc na n-imeachtaí bíonn siúlóidí stairiúla, filíocht, ceardlainne éagsúla, imeachtaí do ghasúir, scéalaíocht, ranganna tonnmharcaíochta, scóráil scioptha as Gaeilge, ceolchoirmeacha agus ar ndóigh bíonn ciorcal comhrá arna eagrú i go leor caiféanna timpeall na tire mar aon le go leor imeachtaí Gaelacha eile .

Tá gach eolas ar fáil faoi imeachtaí na bliana seo ar www.snag.ie

Foilsithe ar Gaelport.com