Méid an Téacs

Seachtain na Gaeilge 2014 i nGaelcholáiste Luimnigh

Bealtaine 27, 2014

Bhí seachtain den chéad scoth ag daltaí Ghaelcholáiste Luimnigh le haghaidh Seachtain na Gaeilge arís i mbliana. Bhí réimse ollmhór de ghníomhaíochtaí spraíúla curtha ar fáil dóibh agus bhain gach éinne sár-thaitneamh astu.

Thosaigh an tseachtain amach le cluichí biongó ar siúl sna ranganna ag bliain 1 fad is a bhí na ranganna ar fad sa chéad, dara agus tríú bliain ag maisiú póstaeir don chomórtas póstaeir. Is éard a bhí le déanamh acu ná pictiúr a tharraingt chun míniú a thabhairt ar roinnt seanfhocail Gaeilge. Sampla amháin de na seanfhocail seo ná an ceann a rinne bliain 2, “Aithnítear cara i gcruatan.”

Bhí lá fíor-bheomhar againn sa scoil dé Máirt, le daltaí bliain 1 ag cleachtadh a gcuid scileanna damhsa nuair a bhí céilí iontach acu sa mhaidin. Chomh maith leis sin, chaith daltaí bliain 4, 5, 6 an tráthnóna ag imirt tag-rugbaí san ionad spóirt i Delta. Ní raibh aon dabht ach go raibh an comórtas an-láidir ar fad agus gach grúpa ag iarraidh an bua a bheith acu. Ag an deireadh bhí an bua ag rang Áine, agus iad ag troid go fíochmhar i gcoinne na múinteoirí.

Bhí na dána chun tosaigh ar an gCéadaoin, nuair a bhí an deis ag na daltaí éisteacht le ceol traidisiúnta agus amhráin a chleachtadh as Gaeilge. Anuas ar sin, bhí tráth na gceist eagraithe do lucht na céad bliana agus bhí seans ag daltaí bliain a dó féachaint ar roinnt gearrscannáin Gaeilge, cosúil le Yu Ming is ainm dom agus Clare sa Spéir. Bheifeá ag ceapadh gur san Omniplex a bhíodar!

Cuireadh deireadh leis an gceiliúradh ar fad do Sheachtain na Gaeilge ar an Déardaoin. Thosaigh an lá amach le blitz díospóireachta sa bhialann, le daltaí bliain 5 agus a 6 ag glacadh páirte. Is é an rún a bhí acu ná “Is iad na meáin chumarsáide a rialaíonn an tír seo.” Níl aon dabht ach gur chuir an rún seo na daltaí ag smaoineamh agus bhíodar an-phaiseanta ar fad maidir leis na hargóintí a bhí le déanamh acu. Cé go raibh an-chuid smaointí maithe ag bliain 5, bhí an t-ádh le lucht na séú bliana ag an deireadh agus an bua acu. Maith sibh ar fad!

Gan aon dabht, seachtain iontach spraíúil a bhí againn ar fad sa scoil i mbliana.