Méid an Téacs

Seachtain na Gaeilge spraíúil i gCultúrlann Uí Chanáin

Márta 24, 2014

Bhí Seachtain na Gaeilge ar dóigh againn i mbliana sa Chultúrlann don phobal uilig idir óg is Sean agus idir Foghlaimeoirí is Gaeilgeoirí. Chun tús samhlaíoch a chur leis na himeachtaí, bhí Féile Bheag na Leabhar ar ais againn i mbliana ar Lá Domhanda an Leabhair. D’eagraigh muid seo i gcomhair le Comhairle Cathrach Dhoire. Tháinig páistí ó na 3 Gaelscoileanna le chéile sa Chultúrlann chun an Leabhar Gaeilge a cheiliúradh. Bhí Lúrapóg Larapóg i láthair agus chuir siad seó le páistí do pháistí os ár gcomhair. Bhí sé lán de shaibhreas teanga, teannas, grinn, craic agus diabhlaíocht! Chomh maith leis sin tháinig an tSeanchaí Iomráiteach Conallach, Gearóidin Bhreathnach chun scéalta nuachumtha is seanbhunaithe a insint do na páistí. Tá sé de rún againn ócáid bliantúil a dhéanamh den Fhéile seo.

Bhí éacht déanta ag Club óige Setanta, ag Triax ach go háirithe ag Gaelscoláirí áitiúla agus ag na Sollus Highland Dancers nuair a d’ullmhaigh siad tobshlua mór Gaeilge le linn Seachtain na Gaeilge. Rinne siad tobshlua mór spraíúil i Foyleside ina raibh Damhsa Gaelach, Damhsa Hip Hop agus Damhsa na Garbhchríoch. Chomh maith leis sin, cheol siad leagan Gaeilge den amhrán clúiteach sin “Wake me up.” Chuir an taispeántas spreagthach seo iontas agus gliondar ar an phobal a bhí amuigh ag siopadóireacht agus is cinnte gur dúisíodh meon Gaelach iontu uilig.

Thug Linda Irvine, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Misean Oirthear Bhéal Feirste, thug sí cuairt ar an Chultúrlann arís chun léacht agus plé a dhéanamh ar Protastúnaigh agus an Ghaeilge agus an stair folaithe atá acu leis an teanga. Ag an ócáid céanna, seoladh taispeántas darb ainm “An Teanga Bheo” a chuireann síos ar an ábhar céanna agus atá curtha le chéile ag an Chultúrlann. Thug an léacht seo deis d’fhoghlaimeoirí agus do Ghaeilgeoirí léargas a fháil ar ghné den Ghaeilge nach bhfuil eolas ag an mhórphobal air agus bhí deis acu fadhbanna agus féidearthachtaí a phlé le Linda í féin.

Chuir muid deireadh taitneamhach le Seachtain na Gaeilge ar Lá Fhéile Pádraig nuair a bhí lá iomlán imeachtaí ar fáil saor in aisce sa Chultúrlann. Bhí an áit plódaithe le teaghlaigh ag baint sult as an Scéalaíocht, as an Mhúnlú Balún, as an Phéintéireacht aghaidhe, as na Seisiúin Cheoil agus go háirithe as na Fanzini Bros, a thug a seó sorcais go Doire. Bhí an léiriúchán Gaeilge seo lán de geáitsí iontacha ón bheirt Ciarraíoch agus bhain na páistí mar aon leis na daoine fásta sult as.

Bhí neart imeachtaí eile ann chomh maith agus níl anseo ach blaiseadh beag. Caithfidh muid tosú anois ar phleanáil don bhliain seo chugainn

Cultúrlann Uí Chanáin
37 Mórshráid Shéamais
Doire
BT48 7DF