Méid an Téacs

Seimineáir ghairmeacha do dhaltaí scoile ar chamchuairt na tíre

Eanáir 24, 2012

Beidh an seimineár “Buntáiste Breise na Gaeilge” á reáchtáil ag  Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge in ionaid éagsúla timpeall na tíre sa chéad tréimhse den scoilbhliain úr.

Beifear ag díriú ar ionaid i mBéal Átha na Sluaighe, Inis i gCo. An Chláir agus san Uaimh i gCo. na Mí ag deireadh mhí Márta.

Tar éis bhriseadh an tSamhraidh leanfaidh an chamchuairt le seimineáir i nDúrlas Éile i gCo. Thiobraid Árann, Loch Garman agus cuirfear críoch le camchuairt na bliana seo i Nás na Ríogh i gCo. Chill Dara.

Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre.

Le linn na seimineár pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.  Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí  i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.  Mar chuid den seimineár cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na haoichainteoirí labhairt.

Bíonn ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastáin eolais, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Tá na seimineáir á eagrú le breis ó 2009 agus go dtí seo tá an-tóir orthu. Rinne na seimineáir seo freastal ar 123 iar-bhunscoil agus suas le 3,808 dalta scoile timpeall na tíre go dtí seo.

Más spéis le do scoil páirt a ghlacadh sa seimineár, déan teagmháil go luath le Brígíd i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 01 679 4780.