Méid an Téacs

Seimineár Lae Ardteist 2014

Samhain 12, 2013

Tá sé ar intinn ag ábhar na Nua-Ghaeilge i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, Seimineár Lae do dhaltaí Ardteistiméireachta a reachtáil ar an Aoine, 06 Nollaig 2013.

Is éard a bheidh sa Seimineár sraith de chainteanna ar litríocht na Nua-Ghaeilge a dhíreoidh ar chúrsa onóracha na hArdteistiméireachta 2013/14 agus pléifear míreanna áirithe den chúrsa sin lena linn.

Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó eimhear.nidhuinn@ucd.ie nó adriannaughton@ucd.ie. Caithfear na foirmeacha iarratais seo a chur sa phost roimh 22 Samhain 2013. Ós rud é go bhfuil teorainn chinnte le líon na mac léinn ar féidir linn freastal orthu tabharfar tús áite do na hiarratais is túisce a thagann isteach.

Má tá aon cheisteanna agat, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag eimhear.nidhuinn@ucd.ie nó ag adriannaughton@ucd.ie.

Sa tslí is gur féidir costais an lae a ghlanadh, ní mór dúinn €10.00 an duine a ghearradh mar tháille.

Ní cheadófar d’aon ghrúpa mac léin bheith i láthair ag an Seimineár gan múinteoir amháin ar a laghad a bheith ina dteannta i gcaitheamh an ama.

Clár

9.00 – 9.10a.m. Fáilte agus cur i láthair an ábhair/ Oscailt An tOllamh Máire Ní Annracháin Ceann na Nua-Ghaeilge

9.10 – 9.40a.m. An Triail (Dráma – Máiréad Ní Ghráda) An Dr. Máirtín Coilféir

9.40 – 10.10 a.m. Colscaradh (Pádraig Mac Suibhne) agus Fill Arís (Seán Ó Riordáin) An Dr. Caoimhín Mac Giolla Léith

10.10 – 10.40a.m. An Spailpín Fánach (ní fios) An Dr. Noel Ó Murchadha

10.40 – 11.10a.m. Caifé agus Tae

11.10 – 11.40a.m. Cáca Milis (Brian Lynch) Aoife Uí Fhaoláin MA H.Dip

11.40- 12.10p.m. ‘Conas aiste mhaith a scríobh’ cruinneas teanga agus scileanna scríbhneoireachta An Dr. Regina Uí Chollatáin

12.10 p.m. Cuairt ar an Teanglann (saotharlann do labhairt na Gaeilge B205 – B207) Eimhear Ní Dhuinn MA. H.Dip (Stiúrthóir an tSeimineáir)

Foilsithe ar Gaelport.com