Méid an Téacs

Seirbhís Chúnaimh d’Fhostaithe sínte amach chuig Pinsinéirí

Aibreán 11, 2011

Tá an tSeirbhís Chúnaimh d’Fhostaithe sínte amach chuig Pinsinéirí ar feadh 6 mhí tar éis dul ar phinsean.

Is seirbhís chomhairleoireachta agus thacaíochta, atá saor in aisce agus faoi rún í an tSeirbhís Chúnaimh d’Fhostaithe (EAS) do mhúinteoirí, Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS) agus dá mbaill clainne chun cúnamh a chur ar fail dóibh chun déileáil le ceisteanna éagsúla. Tá an tseirbhís sínte amach le déanaí chun rochtain a thahairt do Mhúinteóirí agus CRS ar feadh 6 mhí tar éis dóibh dul ar phinsean. Tá seans go mbraithfidh múinteóirí / CRS meascán de mhothúcháin tar éis dul ar phinsean dóibh agus cabhróidh rochtain chuig an EAS i rith na seachtainí agus na míonna leis an oiriúint.

Cén saghas seirbhísí atá ar fáil?

  • Comhairleoireacht Theileafóin – seisiúin aonaracha nó comhairleoireacht struchtúrtha ghearrthéarmach
  • Comhairleoireacht ‘duine le duine’ – suas go sé sheisiún comhairleoireachta.

Cuirtear comhairleoireacht ar fail i dtaca le ceisteanna sláinte, caidrimh, andúile, méala, strusa, coimhlint, teagmhas criticiúil agus tráma.  Tá líon teoranta de sheirbhís as Gaeilge ar fáil chomh maith ar iarratas agus ag braith ar an gceantar.

Conas mar a dhéanaim teagmháil leis an seirbhís?

Ní  fheadfadh sé a bheith níos símplí. Tá EAS ar fáil 24 uair a’ chloig, 365 lá na bliana ar: Saorghlao 1800 411 057 nó E-phost: eas@vhics.ie

Tá breis eolais le fáil faoi EAS ach cliceáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna, www.education.ie agus lean an nasc atá curtha ar fáil.