Méid an Téacs

Seisiún Traenála i Ríomhchlárú do Mhúinteoirí i nGaelscoil Eiscir Riada, BÁC

Eanáir 15, 2018

Beidh seisiún traenála i ríomhchlárú do mhúinteoirí, i gcomhpháirtíocht le Wriggle Jr., ar siúl ar dé Máirt an 6/2/2018 i nGaelscoil Eiscir Riada i Leamhcán. Beidh dhá sheisiún ar siúl, ceann ar maidin agus ceann tráthnóna agus is féidir le múinteoirí freastal ar cheann amháin nó ceann eile.

Ar an lá beidh múinteoirí ag baint úsaid as Lego We Do, Bee Bots, iPad, Spheros, Minecraft, spéaclaí VR agus níos mó agus beidh deis bualadh le saineolaithe teicneolaíochta ó Microsoft, Wriggle agus Apple.

Is deis iontach é seo chun múinteoir(í) a sheoladh amach chugainn chun breathnú ar na háiseanna teicneolaíochta is déanaí atá ar fáil agus tá sé go hiomlán saor in aisce. Cabhróidh se go mór le scoileanna atá ag tabhairt faoin mBrat Dhigiteach a bhaint amach nó dóibh siúd atá ag lorg smaointí faoi cén saghas trealamh a bheadh oiriúnach dá gcuid scoileanna féin.

Beidh Frank Ó Tormaigh, a rinne ceardlann ar Lego WeDo2 ag Tionól Forbartha 2017, ar fáil ar an lá chun ceisteanna a bhaineann le teicneolaíocht agus an Ghaeilge a fhreagairt.

Le freastal ar an gceardlann, ní mór clárú ar Eventbrite tríd an nasc thíos.
https://www.eventbrite.ie/e/road-to-code-tickets-38733619298