Méid an Téacs

Seoladh Oifigiúil Connect 3 – Acmhainn Feasacht Teanga agus Chaidrimh Phobail

Bealtaine 9, 2012

Ar an Chéadaoin 16ú Bealtaine seolfaidh Méara Dhoire, an Seanóir Maurice Devenney, acmhainn nua feasacht teanga agus deachaidrimh dar teideal Connect 3. Cuideoidh an acmhainn nua ar-líne seo le teagascóirí agus foghlaimeoirí san iar-bhunoideachas plé a dhéanamh ar an Ghaeilge, an Bhéarla agus Albainis Uladh i gcomhthéacs an chaidrimh phobail.

Dearadh agus forbraíodh an acmhainn nuálach seo ag Comhairle Cathrach Dhoire i gcomhar le The Verbal Arts Centre le dearcthaí daoine óga sa cheantar seo i leith na Gaeilge, an Bhéarla agus Albainis Uladh a thaifeadadh. Rinneadh suirbhé le daoine óga ó scoileanna éagsúla i gceantar Chomhairle Cathrach Dhoire le bunleibhéal feasacht teanga i measc na bhfoghlaimeoirí a mheas agus le hiniúchadh a dhéanamh ar an tionchar atá ag cúinsí sóisialta ar dhearcthaí daoine óga i leith teangacha. Rinneadh ainilís ar shonraí an suirbhé agus is ar an eolas seo a bunaíodh suíomh idirlín CONNECT 3.

Agus é ag caint roimh sheoladh an tionscadail, dúirt an Méara, an Seanóir Maurice Devenney “Cruthaíonn an tionscnamh seo go n-oibríonn cur chuige cruthaitheach go maith nuair a bhíonn tú ag plé le hábhair theibí ar nós teanga agus féiniúlacht chultúrtha agus de thairbhe gur dearadh an tionscadal seo i bpáirtíocht le daoine óga ón cheantar comhairle seo is léiríonn sé go beacht na dearcthaí atá coitianta i measc daoine óga sa cheantar seo i leith na Gaeilge, an Bhéarla agus Albainis Uladh. Mholfainn do gach scoil feidhm a bhaint as an acmhainn chruthaitheach seo le dearcthaí dearfacha i leith teangacha a chothú agus le deachaidreamh a chur chun cinn”.

Is féidir cuairt a thabhairt ar an suíomh idirlín nua ag www.connect-3.co.uk áit a bhfuil quiz idirghníomhach agus réimse d’acmhainní teagaisc a théann le curaclam iar-bhunoideachas Thuaisceart Éireann. Maoiníodh CONNECT 3 ag Rannán Deachaidrimh Chomhairle Cathrach Dhoire agus seolfar é mar chuid de chlár imeachtaí Sheachtain an Deachaidrimh 2012  sa cheantar comhairle seo a bheidh ar siúl ón 14ú  go dtí an 19ú Bealtaine 2012.

www.connect-3.co.uk