Méid an Téacs

Seomra Comhrá Scoil Gharbháin

Bealtaine 16, 2011

Ghlac trí ghaelscoil páirt i dtionscnamh a bhí á stiúradh ag Múinteoir Sinéad Ní Mhurchadha ó Scoil Gharbháin, Dún Garbhán le déanaí. Cruthaíodh nasc fíorúil idir daltaí i Rang 6 Scoil Gharbháin, Gaelscoil Philib Barún agus Gaelscoil na nDéise ag úsáid seomraí comhrá ar suíomh idirlín na scoile. Bhuail na daltaí lena chéile i dtimpeallacht fíorúil (an seomra comhrá) uair sa tseachtain ar feadh tréimhse sé seachtaine. An cuspóir a bhain leis ná deiseanna breise a thabhairt do dhaltaí idirghníomhnú as Gaeilge le daltaí eile ar chomhaois leo féin, ar mhaithe le inniúlacht teanga a fhorbairt agus féiniúlacht na ndaltaí a leathnú.

Bhí fócas faoi leith ag gach seisiún comhrá, bhí na topaicí cainte roghnaithe ag na daltaí, ábhair a bhí bunaithe ar an gCuraclam Gaeilge agus oiriúnach dá saol féin. Gach seachtain, chaith na daltaí roinnt ama sa seomra ranga ag ullmhú don rannpháirtíocht sa seomra comhrá, rud a chuaigh go mór chun tairbhe ar chaighdeán an chaidrimh. Bhailigh stiúrthóir an tionscnaimh sonraí agus aischothú ó dhaltaí de réir mar a bhí an tionscnamh ag forbairt. Ba léir ón méid a bhí le rá ag daltaí go raibh an t-uafás le fáil as páirt a ghlacadh ina leithéid. D’úsáideadar Gaeilge i slite nua le grúpa daltaí nua. Thug sé deiseanna dóibh an dearcadh a bhí acu ar úsáid na Gaeilge a athnuachan. Ár mbuíochas le GAELSCOILEANNA TEO. a chuir deontas ar fáil dúinn.

Gaelscoil Gharbháin

Gaelscoil na nDéise

Gaelscoil Philib Barún