Méid an Téacs

Siansa Gael Linn 2013

Márta 21, 2013

Beidh Craobhchomórtas Siansa Gael Linn ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach, 14 Aibreán 2013. Is comórtas é Siansa Gael Linn do ghrúpaí traidisiúnta. Tá an comórtas ar an bhfód breis is deich mbliana anois agus déanann an comórtas áirithe seo an-spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid is fearr d’ógthallann ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre.

Beidh ocht ngrúpa as iar-bhunscoileanna éagsúla as Co. na Gaillimhe, Co. Dhoire, Baile Átha Cliath, Co. Phort Láirge, Luimneach agus as Sligeach ag glacadh páirt sa chomórtas sa Cheoláras Náisiúnta ar an oíche agus gach bliain bíonn caighdeán den scoth ag na grúpaí a bhíonn i gcoimhlint lena chéile.

Ag moltóireacht ar Siansa Gael Linn na bliana seo beidh an ceoltóir aitheanta as Tír Chonaill, Ciarán Ó Maonaigh a bhíonn ag seinm leis an ngrúpa iomráiteach Fidil, an ceoltóir Breanndán Ó Beaglaoich as Baile na bPoc i gCorca Dhuibhne a bhíonn ag seinm leis na grúpaí Boys of the Lough agus Beginnishan agus beidh an ceoltóir iomráiteach Mary Bergin ón ngrúpa Dordán ina gcuideachta ar an oíche.

Anuraidh ba hiad an grúpa Teaspach ó Scoil Ghraiméar Shligigh a bhain amach an craobh lena gcuid ceol bríomhar agus amhráin binn agus i mí Eanáir ghlac siad páirt sa Templebar Tradfest sa Ardchathair.

Tá an-áthas ar Gael Linn atá ag ceiliúradh 60 bliain ar an bhfód i mbliana, go mbeidh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn mar phríomhaoi ag craobhchomórtas Siansa i mbliana. Craolfar an ceolchoirm beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Domhnach, 14 Aibreán ag 7.30i.n agus is í Áine Hensey ón stáisiún sin a bheidh mar láithreoir.

Chun ticéad a chur in áirithe don ócáid, ní gá ach dul i dteagmháil leis an gCeoláras Náisiúnta ag 01:417 00 00 nó www.nch.ie
Ná caill oíche den scoth !