Méid an Téacs

Siansa Gael Linn ar stáitse sa Cheoláras

Márta 31, 2014

Beidh Craobhchomórtas Siansa Gael Linn le cloisteáil beo ón gCeoláras Náisiúnta ar Raidió na Gaeltachta ar Dé Domhnaigh, 6 Aibreán 2014.

Is comórtas é Siansa Gael Linn do ghrúpaí traidisiúnta. Tá an comórtas ar an bhfód breis is deich mbliana anois agus déanann an comórtas áirithe seo an-spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid is fearr d’ógthallann ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre.

Beidh ocht ngrúpa ag glacadh páirt sa chomórtas sa Cheoláras Náisiúnta ar an oíche agus gach bliain bíonn caighdeán den scoth ag na grúpaí a bhíonn i gcoimhlint lena chéile. Ó Chúige Mumhan, beidh na grúpaí Trioscar ó Phort Láirge, Lasair ó Mhala i gCorcaigh, agus Ceoltóirí Chnoc na Gaoithe ón Tulach i gCo. an Chláir, san iomaíocht sa chraobh.

Ó Chúige Chonnacht beidh Iontas ó Ghairmscoil Chúl Átha i mBaile Idir Dhá Abhainn, Co. Sligigh, agus Glór Mhaigh Eo ó Chaisleán an Bharraigh, páirteach. Beidh dhá ghrúpa ón phríomhchathair – Na Rógairí ó Choláiste Cois Life i Leamhcán, agus na hÓgánaigh ó Choláistí Eoin agus Íosagáin i mBaile an Bhóthair, ar stáitse, agus beidh grúpa amháin ó Chúige Uladh, sin Cóiriú ó Scoil Mhuire, Machaire Fíolta i gCo. Dhoire.

Le linn an chomórtais tugtar cabhair agus cúnamh do na ceoltóirí óga trí cheardlanna a eagrú dóibh le ceoltóirí cáiliúla. Cuirtear béim mhór freisin ar chur chun cinn na Gaeilge agus chuige sin eagraítear gach ócáid trí Ghaeilge.

Bronnfar gradam Siansa Gael Linn, trófaí Gael Linn agus seic €2,500 ar bhuaiteoirí an chomórtais agus bronnfar seic €1,250 ar an ngrúpa sa dara háit agus €750 ar an ngrúpa a thiocfaidh sa tríú háit. Eiseofar dlúthdhiosca don trí grúpa is fearr in am tráth agus cuirfear deiseanna seinnte ar fáil do na buaiteoirí i rith na bliana ag ócáidí ar nós an Temple Bar Trad Fest.

Tá ticéid ar €12 (€6 do dhalta) ar fáil ag an gCeoláras 01-4170000 nó www.nch.ie. Beidh Craobh Siansa Gael Linn 2014 le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, curtha i láthair ag Áine Hensey, ar Dé Domhnaigh, 6 Aibreán, ag 7.30 pm.

Déanfaidh an comhlacht léiriúcháin teilifíse neamhspleách, Red Shoe Productions, an ócáid a thaifead mar chlár teilifíse a chraolfar ar TG4 ar an gCéadaoin an 23 Aibreán ag 9.30pm.

Tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine.

Foilsithe ar Gaelport.com