Méid an Téacs

SPARÁNTACHTAÍ TAIGHDE AR FÁIL

Meitheamh 16, 2017

 Clár nuálach iarchéime i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach

(ar líne agus ar láthair)

 SPARÁNTACHTAÍ TAIGHDE AR FÁIL

 An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge

Freastalaíonn an clár iarchéime, trasearnála, An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, go sonrach ar shainriachtanais um fhorbairt ghairmiúil agus ar inniúlachtaí teangeolaíochta na múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Cuirfear an clár seo ar fáil ar bhonn páirtaimseartha thar thréimhse dhá bhliain acadúla, ag tosú arís Meán Fómhair 2017. Bronnfar sparántachtaí taighde COGG ar rannpháirtithe an chláir (suas go €3,000 an mhic léinn in aghaidh na bliana) chun tacú leo táillí an chláir a ghlanadh.

Beidh an fhoghlaim chumaisc mar ghné lárnach, i. cuid den chlár curtha ar fáil ar líne agus an chuid eile curtha ar fáil ar láthair ag an deireadh seachtaine. Cuirfear soláthar for-rochtana san áireamh ag brath ar riachtanais na mac léinn. Mar thoradh ar an gcur chuige cumaisc agus ar dhearadh an chláir, beidh taighdeoirí agus saineolaithe idirnáisiúnta i láthair agus pléifidh siad torthaí agus saincheisteanna nua i réimse an tumoideachais, an oideachais dhátheangaigh agus an dara teanga ar líne leis na mic léinn le linn an chláir.

Glacfar suas le fiche duine ar an gclár sa bhliain acadúil 2017/2018. Glacfar le h-iarrataisí ón lá inniu suas go dtí 28 Meitheamh 2017.

Tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Cuirfear fáilte mhór roimh phlé neamhfhoirmeálta roimh iarratas a chur isteach. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Dr. T.J. Ó Ceallaigh ag tj.oceallaigh@mic.ul.ie