Méid an Téacs

Spraoi sa Seomra Ranga le Foinse Óg

Meán Fómhair 27, 2012

D’fhógair www.foinse.ie inniu seoladh sraithe nua ar líne d’acmhainní foghlama saor in aisce do mhúinteoirí agus do dhaltaí Bunscoile i gcomhar le COGG (www.cogg.ie). Tá os cionn 200 acmhainn úrscothach, lena n-áirítear crosfhocail, póstaeir, cluichí, líon na bearnaí agus pleananna ceachta do mhúinteoirí, ar fáil anois saor in aisce ar líne ag www.foinse.ie.

Tá na hacmhainní ar fad bunaithe ar théamaí curaclaim, a ligeann do mhúinteoirí ceachtanna iomlána a chur i dtoll a chéile leis na hacmhainní ar líne atá saor in aisce. Mar gheall ar éagsúlacht na n-acmhainní atá ar fáil ag www.foinse.ie tá rud éigin ar fáil do gach leibhéal cumais sa Ghaeilge.

Ag tógáil ar cháil Foinse dá n-ábhar oideachais den chéad scoth, d’fhorbair múinteoirí bunscoile na hacmhainní seo do mhúinteoirí Bunscoile. Tá na hacmhainní oiriúnach do gach leibhéal d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus is féidir iad a úsáid in go leor réimsí den churaclam.

I measc na n-acmhainní nua tá póstaeir dhaite tharraingteacha atá bunaithe ar théamaí laistigh den churaclam. Dearadh na póstaeir seo le go mbeidís éasca le húsáid ar chláir bhána idirghníomhacha agus le huasteilgeoirí, ach is féidir iad a chur i gcló freisin agus iad a úsáid i mbealach níos traidisiúnta.

Tá cluichí idirghníomhacha, crosfhocail, míreanna mearaí agus ceachtanna líon na bearnaí ina gcuid den tsraith acmhainní freisin, a ligeann do mhúinteoirí freastal ar chumais éagsúla laistigh den rang céanna.

Gach seachtain le linn an téarma scoile, foilseofar plean ceachta in Foinse (ar fáil leis an Irish Independent gach Céadaoin) a bhaineann leis na hacmhainní ar líne a thugann deis do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí suim agus spéis a bpáistí sa Ghaeilge a chothú.

Níl le déanamh chun tosú leis na hacmhainní ach dul go www.foinse.ie agus gliogáil ar ár dtáb ‘Acmhainní’ chun an réimse iomlán acmhainní atá ar fáil a fheiceáil agus tús a chur leis an spraoi sa seomra ranga.