Méid an Téacs

Spriocdhátaí Chomórtais Bhliain na Gaeilge ag druidim

Aibreán 25, 2013

Tá Bliain na Gaeilge ag reáchtáil dhá chomórtas d’ógchlubanna agus do dhaltaí scoile agus níl ach seachtain fágtha le hiarratais a chur isteach.
Tugann an chéad chomórtas dúshlán faoi bhunscoileanna agus meánscoileanna seanfhocal traidisiúnta nó seanfhocal nua a léiriú ar bhealach spraíúil, cliste, difriúil. Beidh daltaí in ann cur isteach ar an gcomórtas trí bhrí an tseanfhocail a léiriú le físeán drámata, amhrán nó mórshaothar ealaíne.
Is féidir amhrán nó físeán a thaifead le físcheamara, fón póca, iPad nó eile a uaslódáil ar shuíomh Bhliain na Gaeilge ag www.gaeilge2013.ie roimh 3 Bealtaine nó mórphíosa ealaíne a chur ar aghaidh mar ghrianghraf sa phost. Gheobhaidh na buaiteoirí cochaill Bliain na Gaeilge an duine.
Sa dara comórtas, iarrfar ar ógchlubanna ar fud na tíre brat mór speisialta a chur le chéile a dhéanann ionadaíocht ar an gclub. Is gá lógó Bhliain na Gaeilge agus eolas ar thábhacht na Gaeilge do bhaill an Chlub a bheith luaite ar an mbratach. Is gá go mbeidh an brat ar a laghad 100cm ar leithead agus 100cm ar airde. Is féidir íomhá den bhrat a uaslódáil ar an suíomh gréasáin www.gaeilge2013.ie nó é a chur chuig comortas@cnag.ie.
Is é 30 Aibreán an spriocdháta le haghaidh. Bronnfar cochaill Bhliain na Gaeilge an duine ar bhaill an ógchlub (teorainn 40 cochaill).

Foilsithe ar Gaelport.com