Méid an Téacs

Straitéisí chun scileanna sóisialta tábhachtacha a mhúineadh do leanaí óga

Lúnasa 9, 2013

Is féidir le tuismitheoirí cuidiú lena leanaí scileanna agus iompar nua a fhoghlaim ar bhealach dearfach trí chleachtadh, trí mholadh, trí noda a thabhairt agus trí iompar áirithe a chur ar a súile dóibh, dar le taighde. 

Tá scileanna sóisialta a theagasc do leanaí ar na róil is tábhachtaí a bhaineann le bheith i do thuismitheoir. Cuimsíonn na scileanna sóisialta seo roinnt, sealaíocht a dhéanamh, agus deiseanna a thabhairt do dhaoine eile labhairt gan briseadh isteach orthu. Foghlaimíonn go leor páistí na scileanna sóisialta seo trí bhreathnú ar iompar dhaoine eile thart orthu agus trí aithris a dhéanamh ar an iompar sin.

Bíonn gá ag páistí eile le treoir soiléir chun na scileanna seo a fhoghlaim áfach. Bíonn a leithéid de threoir naoi n-uaire níos éifeachtaí i bhforbairt na scileanna seo ná cur chuige a bhaineann le smacht. Creatlach amháin atá éifeachtach do thuismitheoirí chun na scileanna seo a fhorbairt ina leanaí ná cur chuige na ceithre ‘P’ (Practice, Praise, Point Out, agus Prompt).

Cleachtadh (practice): Inis don pháiste go bhfuil sibh chun iompar /scil nua a chleachtadh agus bain triail as an iompar seo i réimse suíomhanna éagsúla trí ról-imirt. Tá míniú ar an fáth a bhfuil sibh ag tabhairt faoin iompar seo tábhachtach. Ba chóir an scil nua a chleachtadh cúpla uair gach lá ar feadh seachtaine nó coicíse.

Moladh (praise): Tabhair moladh nó bronntanas don leanbh as an scil/ iompar nua a chleachtadh. Ná gabh thar fóir le moladh / bronntanas – is leor scéal breise a léamh am luí.

Cuir an iompar ar a súile dóibh (point out): Déan an scil / iompar seo a aibhsiú don leanbh i d’iompar féin nó in iompar leanaí eile. Is féidir dea-shamplaí a aibhsiú i gcláracha teilifíse leanaí freisin nó i leabhair.

Tabhair noda (prompt): Tabhair noda don leanbh faoi shuíomhanna ina bhfuil sé oiriúnach an scil / iompar nua a úsáid.

Léigh tuilleadh ar an gcreatlach seo, mar aon le comhairle faoi scileanna láimhseála feirge a fhorbairt i do leanbh, i bpáipéar taighde Christopherson ach cliceáil anseo

Foilsithe ar www.naionrai.ie