Méid an Téacs

Tá Gaelscoil Phádraig Baile Breac ag feitheamh ar fhoirgneamh buan le 20 Bliain

Eanáir 18, 2016

D’oscail Gaelscoil Phádraig i 1995 agus tá an scoil ag ceiliúradh 20 bliain. Tá na daltaí, a dtuismitheoirí agus a múinteoirí, agus pobal na scoile an-bhródúil as an Gaelscoil seo i gceartlár Baile Breac. Ach tá an scoil seo ag feitheamh  20 bliain le foirgneamh buan.

Tá an scoil i seomraí réamhdhéanta ar láithreán an-bheag. Tá roinnt de na seomraí imithe i bhfad thar a dáta éaga. Níl aon seomra mór go leor i gcóir tionól scoile. Ní mór clós na scoile a úsáid i gcóir bronnadh duaiseanna, ceolchoirmeacha agus imeachtaí eile. “Tá daltaí iontacha againn,” arsa an Príomhoide Gníomhach Anthea Ní Bhuacalla. “Tá siad díograiseach, lán de cheol agus tá an-ghrá acu don gaeilge.”

Tiocfaidh na daltaí agus a dtuismitheoirí, na múinteoirí agus pobal na scoile le chéile i gclós na scoile in Ascaill Shíleann, Baile Breac Dé  Luain 25ú Eanair ag a haon a chlog, chun aird a tharraingt ar an mhoill go léir leis an bogadh isteach san fhoirgneamh buan.

“Sa bhliain 2005 leag an Roinn Oideachais foirgneamh buan amach do Ghaelscoil Phádraig“, a deireann Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta Hilda de Róiste. Cuireadh i n-iúl dúinn ansin go mbeadh scoil eile ag bogadh isteach san fhoirgneamh sin go sealadach.” 11 bhliain níos déanaí leanann an socrú sealadach sin. “Tá an t-ádh orainn go bhfuil gaelscoil againn i mBaile Breac,” a deireann ionadaí na dtuismitheoirí ar an mBord Bainistíochta. “Ach tá dearmad déanta ar Ghaelscoil Phádraig leis na blianta fada”.

 

Hilda de Róiste , Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta
chroche@eircom.net
Gaelscoil Phádraig , Ascaill Shíleann, Baile Breac, Co Átha Cliath