Méid an Téacs

Tá sé déanta ag Coláiste Lurgan arís

Meitheamh 20, 2013

Tá iomrá bainte amach ag foireann Choláiste Lurgan le cúpla bliain anuas ó thaobh ceol nua-aimseartha de, agus tá sé déanta acu arís leis an aistriúchán is nuaí, den amhrán ‘Get Lucky’ le Daft Punk.

D’ardaigh líon na mbraithnaitheoirí go dtí deich míle laistigh de 24 uair a’chloig ó rinneadh uaslódáil ar an bhfíseán ar Youtube agus clúdaíodh an scéal sna meáin, ar leithéidí TheJournal.ie agus Joe.ie ó shin.
‘An t-Ádh ‘Nocht’ an t-ainm atá ar an amhrán ar chainéal Youtube TGLurgan. “Leagan breá d’amhrán ‘Get Lucky’ le Daift Ponc (Daft Punk) á chanadh ag Ian Mac Gabhann agus Megan Ní Dhonncha” atá i gceist. Tá an físeán le feiceáil ar www.gaelport.com.

Tá cáil bainte amach ag Coláiste Lurgan, atá lonnaithe in Indreabhán, Conamara, le cúpla bliain anuas mar choláiste samhraidh nua-aimseartha. Bíonn tionscadail éagsúla ar bun i ngach cúrsa le comhoibriú leanúnach idir an fhoireann agus na scoláirí.
Bhain Coláiste Lurgan clú agus cáil amach anuraidh leis an leagan Gaeilge den amhrán ‘Some Nights’, le FUN, a casadh ar stáisiúin raidió náisúnta timpeall na tíre. As an obair seo uilig, tá an banna ‘Seo Linn’ tar éis teacht ar an bhfód agus tá éileamh mór orthu i saol na Gaeilge go dtí seo.
Is féidir breathnú ar na tionscadail atá curtha i gcrích ag Coláiste Lurgan go dtí seo ar www.youtube.com/tglurgan; agus tá tuilleadh eolais ar an gcoláiste ar fáil ag www.lurgan.biz.

Foilsithe ar Gaelport.com