Méid an Téacs

“Tá teipthe ar an Rialtas seo go hiomlán ó thaobh na Gaeilge”

Nollaig 12, 2013

Astitim ó fhógra éirí as an Choimisinéara Teanga

Ba mhór an plé a chothaigh fógra Sheáin Uí Chuirreáin an tseachtain seo caite nuair a chuir sé in iúl don Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha go mbeidh sé ag éirí as a ról mar Choimisinéir Teanga ar 23 Feabhra 2014.

Is í is cúis le cinneadh an Choimisinéara, dar leis, ná teip an Rialtais i leith chur i bhfeidhm beartais reachtaíocht teanga ag leibhéal an Stáit, lena n-áirítear lagú chóras na scéimeanna teanga, easpa inniúlacht Ghaeilge an státchórais, beartas úr lochtach earcaíochta na Státseirbhíse, folús i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus cinneadh an Rialtais oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman.

Ag tógáil ar an aiféala agus an imní atá léirithe ag pobal na Gaeilge i dtaca le cinneadh tromchúiseach an Choimisinéara, tá an freasúra tagtha amach go láidir in éadan an Rialtais ar an ábhar seo agus tá iarrtha ag lucht Fhianna Fáil agus Shinn Féin go seasfaidh an dá Aire, an tAire sinsearach agus an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, siar óna róil.

Agus é ag ceistiú an Aire Stáit Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., sa Dáil ar an gCéadaoin, dúirt Éamon Ó Cuív, T.D. de chuid Fhianna Fáil, gur thuig sé do shuíomh an Aire Stáit ach gur léir nach bhfuil sé ag fáil na tacaíochta ón Rialtas i leith chás na Gaeilge mar is ceart.

“Mar sin, tá mise ag rá go mbé an té ar cheart éirí as oifig anois ná an tAire Deenihan. Dá mba rud é gur éirigh Aire Leanaí as oifig nó dá n-éireodh Rialaitheoir Airgeadais as oifig de bharr go raibh sé nó sí ag ceapadh go raibh an Stát faillíoch, bheadh na meáin Bhéarla ar fad ag rá gur vóta muiníne a bhí ansin san Aire. Is vóta iomlán mímhuiníne sa Rialtas, sa Taoiseach agus go mórmhór in Aire na Gaeltachta go mbraitheann an Coimisinéir Teanga go gcaithfidh sé éirí as a oifig”, a dúirt an Teachta Ó Cuív.

D’iarr an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich ar an Teachta Ó Cuív gan cheist pholaitiúil a dhéanamh as an nGaeilge óir gur scoilteadh an Rialtas ar bhonn páirtí polaitíochta cheana agus gurb í an teanga a bhí thíos leis. “In ainm Dé, seasaimis le chéile ar son na teanga san am amach romhainn agus déan dearmad den pholaitíocht”, a dúirt sé.

“Is ceist pholaitiúil í an Ghaeilge” a mhaígh an Teachta Ó Cuív agus é ag caint ar an ábhar ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Déardaion. Dúirt sé gur fhadhb í easpa Gaeilge an Aire Shinsirigh ach go “mairfimis leis sin dá mbeadh sé ag déanamh a chiondícheall ar son na Gaeilge”, ach, dar leis an Teachta, “Is léir nach bhfuil a gha de spéise aige i gcúrsaí Gaeilge ná Gaeltachta”.

De réir sheasamh Shinn Féin, is é an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich ar chóir éirigh as an ról aige. Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh gur rud suntasach é ardmheas lucht na Gaeilge ar Sheán Ó Cuirreáin agus an obair ar bun aige le deich mbliana anuas agus an t-ardmholadh atá tugtha dó ag eascairt as fógra na seachtaine seo caite.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh go gcruthaíonn tuarascáil an Choimisinéara nach bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag feidhmiú mar ba chóir i gcás chóras na scéimeanna teanga ná cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain din Ghaeilge.

“Is damnú é sin ar chur chuige an Rialtais seo. Is léir domsa dá bhrí sin, go bhfuil ag teip ar an Rialtas agus go háirithe Aire na Gaeltachta a chuid dualgais a chomhlíonadh mar is ceart agus ba chóir dó éirí as agus é a fhágáil ag duine eicínt a dhéanfaidh an jab mar is ceart”, a dúirt sé.

Foilsithe ar Gaelport.com