Méid an Téacs

TEAGASCÓIRÍ GAEILGE 2012 – 2013 Gairm ar Iarratais

Eanáir 27, 2012

Cuireann Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada clár bliantúil dámhachtainí malartacha ar fáil idir ollscoileanna Cheanada agus ollscoileanna na hÉireann, clár atá oscailte do gach disciplín acadúil. Bhunaigh an Dr. Craig Dobbin, Talamh an Éisc, agus an Dr. Pádraig Ó hIrghile, iar-Uachtarán na hÉireann, an Fhondúireacht sa bhliain 1994. Sa bhliain 2004 tugadh aitheantas don Fhondúireacht freisin i Meabhrán Tuisceana idir rialtas Cheanada agus rialtas na hÉireann. Cuireann an Fhondúireacht dámhachtainí ar fáil chun tacú le teagasc na Gaeilge in ollscoileanna áirithe i gCeanada, le maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is mian leis an bhFondúireacht Teagascóirí Gaeilge a cheapadh le haghaidh na tréimhse naoi mí, Meán Fómhair 2012 – Bealtaine 2013, sna hollscoileanna seo leanas:

  • University of St. Michael’s College, University of Toronto, Ontario
  • Concordia University, Montreal, Quebec
  • St. Francis Xavier University, Antigonish, Nova Scotia
  • St. Mary’s University, Halifax, Nova Scotia
  • St. Thomas University, Fredericton, New Brunswick
  • Memorial University, St. John’s, Newfoundland
  • University of Ottawa, Ontario

Tabharfar deis do mhúinteoirí reatha barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna múinteoireachta agus cur lena n-eolas faoi shochaí agus faoi chultúr Cheanada ionas gur féidir leo tarraingt orthu tar éis dóibh filleadh ar Éirinn. Tá tuilleadh eolais faoi na dámhachtainí, faoi na téarmaí agus faoi na coinníollacha, agus foirmeacha iarratais ar fáil ag www.icuf.ie. Is féidir fiosrúcháin a sheoladh chuig gaeilge@icuf.ie.

IS É DÉARDAOIN, 1 MÁRTA 2012, AN DÁTÁ DEIRIDH A nGLACFAR LE hIARRATAIS.