Méid an Téacs

Teastas Nua Surfála seolta ag Scoil Surfála Freedom

Márta 26, 2013

Tá tús curtha ag Scoil Surfála Freedom i gcomhar le Billabong le teastas surfála deireadh seachtaine trí Ghaeilge.

Tá Scoil Surfála Freedom ar an bhfód le 30 bliain anois agus í lonnaithe sa Trá Mhór, Co. Phort Láirge gar do Ghaeltacht na Rinne. Tá an-éileamh ar na ranganna surfála trí Ghaeilge a chuirtear ar fáil ann mar aon le campaí samhraidh d’aoisghrúpaí éagsúla.

Tá clár eisceachtúil curtha le chéile agus an scoil I gcomhar leis an mbranda aitheanta, Billabong, a chuirfidh ar chumas daoine cáilíocht a bhaint amach tar éis dóibh scileanna nua a fhoghlaim.

Dúirt stiúrthóir Scoil Surfála Freedom, Billy Butler: “Chuireamar tús leis an turas seo i 2008 agus táimid ag cur lenár gclár ó shin. Beidh teastais ar fáil ó Chumann Surfála na hÉireann don Chúrsa Teastas Surfála seo trí Ghaeilge do aon duine ar mhaith leo caighdeán aitheanta tosaitheora nó idirmheánach surfála a fháil trí Ghaeilge. Tá lúcháir orainn é a chur ar fáil le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus ónár gcomhpháirtí oirirc Billabong.”

Tá eolais maidir leis an teastas ar fáil ar www.freedomsurfschool.com.