TG4 AR THÓIR AR LÁITHREOIRÍ ÓGA AIMSIRE DO SHEACHTAIN NA GAEILGE
Feabhra 15, 2016
Tá TG4 ag eagrú comórtais a thabharfaidh an deis do chúigear dalta bunscoile (6-12 bliain) a bheith mar chomh-láithreoirí ar an Aimsir Láithreach, seirbhís aimsire an chainéil, le linn Sheachtain na Gaeilge 14 -18 Márta. Beidh na buaiteoirí ag craoladh i bpáirt le láithreoirí aitheanta an chainéil ar an gcraoladh aimsire ag 6.55pm gach tráthnóna.
Roghnófar na láithreoirí óga is fearr a bhfuil teacht i láthair agus Gaeilge líofa acu. Caithfidh na buaiteoirí a bheith ar fáil le teacht go Ceannáras TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe ar cheann de na dátaí seo: Márta 14, 15, 16.
Iarrtar ar dhaltaí ar suim leo a bheith páirteach, físeán gearr a sholáthar ina míníonn siad cén fáth gur mian leo An Aimsir Láithreach a chur i láthair, a chur chuig cula4@tg4.ie roimh 5 Márta 2016. Is gá uimhir teileafóin tuismitheora/caomhnóra fásta a chur leis an iarratas.
Is é Cúla4 an zón don óige ar TG4 a chraoltar ar an gcainéal gach lá Luan-Aoine 7 – 10am agus 2- 6pm. Bíonn an t-ábhar ar fáil freisin ar Sheinnteoir TG4 ar AIP APP nó ag www.cula4.com.
Eolas breise: Karina Feirtéar, Young People’s Editor, TG4. 091 505221/ karina.feirtear@tg4.ie