Méid an Téacs

Torthaí den chéad scoth bainte amach ag daltaí Choláiste Feirste

Lúnasa 17, 2012

Bhí atmaisféar an cheiliúrtha i gColáiste Feirste maidin 16 Lúnasa nuair a d’fháiltigh an Príomhoide, Micheál Mac Giolla Ghunna agus foireann na scoile roimh na daltaí sinsearacha agus iad ag bailiú a dtorthaí Ard Leibhéal.

Dúirt an tUasal Mac Giolla Ghunna, “Arís eile ní mór dom comhghairdeas ó chroí a ghabháil leis na daltaí agus leis na múinteoirí ar na torthaí iontacha atá bainte amach i mbliana.  Cuireadh le dea-thorthaí na bliana seo chuaigh thart agus is cinnte go léiríonn seo go soiléir díograis na múinteoirí maraon le tiomántas na dtuismitheoirí atá againn sa scoilphobal seo.  Ní mór a aithint chomh maith an obair chrua atá déanta ag na bunscoileana uilig a leag bunchlocha láidre an oideachais agus na daltaí leo ar feadh 7 mbliana tosaigh s’acu sa Ghaeloideachas.”

I measc dhaltaí Ard Leibhéal bhí ráta pas (A*-E) 100% le sonrú, rud a chiallaíonn go mbeidh mórchuid na ndaltaí in ann an cúrsa ollscoile a roghnaigh siad sa chéad áit a bhaint amach.  Cé go bhfuil titim i líon na na daltaí atá ag baint na gráid is airde amach ar fud an tuaiscirt, ní amhlaidh a bhí i gColáiste Feirste.  Bhain níos mó daltaí Grád A* amach ná mar a bhain riamh sa scoil agus fágann seo go bhfuil ár ndaltaí i measc na ndaltaí is airdeghnóthachtála sa tuaisceart.  Bhain beagnach gach dalta sa Roinn Drámaíochta A* amach, ach níor stad an rathúlacht sa Roinin seo amháin!  Bhain daltaí an grád eilít A* amach i réimse leathan ábhar ar nós; Ealaín, Stair, Staidéar Spóirt agus Gaeilge ar ndóigh!  Léiríonn seo gan aon dabht gur féidir leis an Ghaelscolaíocht an barrfeabhas a sholáthar in ábhar ar bith.

Bhain daltaí aonaracha torthaí den scoth amach chomh maith.  Bhí áthas an domhain ar Naoise Ó Faoláin nuair a bhain sé A* amach sa Ghaeilge agus sa Staidéar Spóirt maraon le A sa Stair agus sa Bhéarla- beidh Naoise ag tabhairt aghaidh ar Ollscoil na Gaillimhe le tabhairt faoi chéim sa Stair agus sa Bhéarla.  Guimid gach rath ar Emmet Ó Garmaile agus é ag tabhairt faoi chéim na Matamataice in Ollscoil na Banríona i ndiaidh dó A* a bhaint amach sa Ghaeilge agus A sa Mhata agus sa Stair.  Bhain Fionnghuala Nic Roibeaird A* amach sa Stair agus sa Ghaeilge maraon le B sa Mhata agus san Fhisic- tá sí féin ag súil go mór le céim san Innealltóireacht a thoiseacht in Ollscoil na Gaillimhe.

“Tá bród as cuimse orm fosta as ár ndaltaí gairmeacha a ghnóthaigh torthaí den scoth san Ardleibhéal Gaeilge agus sna cúrsaí NVQ éagsúla.  Tá fís againn de phobal scoile a dhéanann freastal ar gach ábaltacht, gach bua agus gach spéis – curaclam dalta-lárnach.  Chuir muid romhainn spriocanna uaillmhianacha, ardaidhmeannacha d’fhorbairt an tSéú Bliain le cúpla bliain anuas agus tá lúcháir orm a rá gur bhain muid amach iad agus níos mó.  Tá aitheantas tugtha ag an Roinn Oideachais don sár-oideachas atá a cur ar fáil ag Coláiste Feirste trí infheistíocht £11.9 milliún a fhógairt i dtionscnamh tógáil na scoile agus táimid ag súil le cur le rathúlacht na bliana seo ar an bhliain seo chugainn agus sa todhchaí”.