Méid an Téacs

Traenáil “Tús Áite do Leanaí”

Aibreán 25, 2013

Tá sé ríthábhachtach sa lá atá inniu go mbeidh gach duine sa naíonra traenáilte i dtaobh cosaint leanaí. Tá cosaint leanaí luaite mar thosaíocht ag An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige i mbliana.

Tá sé i gceist ag Forbairt Naíonraí Teoranta, i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE), gach tacaíocht a chur ar fáil do naíonraí timpeall na tíre leis an traenáil seo a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Tá an traenáil seo dírithe ar stiúrthóirí nua (nach bhfuil traenáil ar bith faighte acu go dtí seo maidir le cosaint leanaí) san earnáil go príomháidh agus beidh tús áite ag na daoine seo ar an gcúrsa.

Beidh deis ag gach naíonra amach anseo traenáil cosaint leanaí a bhaint amach leis an gcur chuige nua maidir le traenáil cosaint leanaí a bheidh ag dul i bhfeidhm i dtreo deireadh na bliana seo.

Ar an Aoine 24ú & Dé Sathairn 25ú Bealtaine 2013 beidh Forbairt Naíonraí Teo

Ag reáchtáil cúrsaí Tús Áite do Leanaí (9 n-uaire) ar feadh dhá lá.

Ionad: Halla Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2

Am: 2.00i.n.-5.00i.n. ar an Aoine & 9.00r.n. – 4.00i.n. ar an Satharn (Lón 1-2.00i.n.)

Níl aon táille i gceist

Teagascóir: Pádraig Ó Ceallaigh

Spriocdháta: 16 Bealtaine 2013 – cláraigh anois.

Tuilleadh eolais:
Laura Rawdon, Oifigeach Forbartha, Forbairt Naíonraí Teo, Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9
Teil. +353 (0)1 8535198 / +353 (0)86 7981919 / R: www.naionrai.ie