Méid an Téacs

Turais treoraithe trí Ghaeilge ar fáil ó Ghraí Náisiúnta na hÉireann

Feabhra 11, 2014

Mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge, beidh turais treoraithe trí Ghaeilge á reáchtáil ag Graí Náisiúnta na hÉireann i gCo. Chill Dara.

Beidh na turais treoraithe seo ar fáil don phobal, agus do ghrúpaí réamhchláraithe ó scoileanna ón 03 Márta – 14 Márta 2014.

Cuirtear trí thuras ar leith ar fáil ag brath ar aois na scoláirí, ach is fiú dul i dteagmháil go díreach leis an nGraí roimh ré chun an rogha is fearr a oireadh do do scoil a phlé leo.

A. Conair Idirghníomhach faoi réir an chláir ‘Fiosraigh Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta’

Conair speisialta deartha ag Paddy Madden, faoi réir an churaclaim reatha i dtaca le hOideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta, le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gclár Fiosraigh Eolaíocht agus Matamaitic Bunscoile.

Tugtar deis do na rannpháirtithe am a chaitheamh i Músaem na gCapall, sa Ghraí féin, sna Gáirdíní Seapánacha, agus i nGairdíní Naomh Fiachra.

Leanann an turas ar feadh uair an chloig go leith, agus cosnaíonn sé €10.50 an scoláire do ghrúpaí de 30+ scoláire.

B. Conair faoi réir an chláir ‘Fiosraigh Eolaíocht agus Matamaitic Bunscoile”

Cuirtear bileoga oibre ar fáil mar chuid den turas seo a bhaineann leis na téamaí seo a leanas faoi réir an churaclaim ‘Fiosraigh Oideachas Sóisalta, Imshaoil agus Eolaíochta’: Dúile beo; Fuinneamh agus fórsaí; Feasacht agus cúram imshaoil.

Rachaidh na scoláirí ar thuras treoraithe timpeall an ghraí a mhairfidh 45 nóiméad, agus ansin tógann an múinteoir na daltaí ar chonair nádúrtha timpeall ar Ghairdín Naomh Fiachra. Foghlaimíonn na daltaí conas crann a thomhais, cén chaoi aois chrainn a ríomh, conas éin ar leith a aithint, agus faightear eolas i dtaca le saol an eala agus le bia-eangach.

Fillfidh na daltaí ar scoil lena gcuid bileoga oibre, agus tabharfaidh siad faoi chuardach focal agus crosfhocal.

Maireann an turas seo ar feadh dhá uair an chloig go leith agus cosnaíonn sé €7 in aghaidh an ghasúir.

C. Gnáth-thuras Scoile

Rachaidh na scoláirí ar thuras treoraithe timpeall an ghraí. Ní hamháin go bhfuil an turas seo iontach spraíúil, ach tá sé oideachasúil chomh maith!

I measc bhuaicphointí an turais, beidh tuar ar shearraigh óga agus ar chapaillíní falabella. Tabharfaidh na daltaí cuairt freisin ar Ghairdín Naomh Fiachra atá lonnaíthe taobh leis an gclós súgartha.
Maireann an turas seo ar feadh uair an chloig go leith agus cosnaíonn sé €6 in aghaidh an dalta.

Má theastaíonn uait turas scoile trí Ghaeilge chuig Graí Náisiúnta na hÉireann a chur in áirithe, is féidir sin a dhéanamh ach teagmháil a dhéanamh le reservations@instourism.net nó 045 521617.

Tá tuilleadh eolais faoi Ghraí Náisiúnta na hÉireann ar fáil ar www.irishnationalstud.ie.

Gaelport.com