Méid an Téacs

Tús curtha le hath-infheistiú sa Ghaeilge, Ghaeltacht agus san Oideachas

Deireadh Fómhair 11, 2017

PREASRÁITEAS 11.10.17

Tús curtha le hath-infheistiú sa Ghaeilge, Ghaeltacht agus san Oideachas

Cuireann Gaeloideachas fáilte roimh an infheistíocht mhéadaithe do chúrsaí oideachais agus Gaeilge a fógraíodh i gcáinaisnéis an lae inné. Léiríonn an méadú 2.5 milliún atá imfháilithe sa bhuiséad do chúrsaí Gaeilge, Gaeltachta  agus na hoileáin aitheantas an Rialtais go bhfuil sé thar am gníomhú ar cheist infheistíochta sa teanga agus sa chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Tar éis tréimse an-dúshlánach de chiorraithe a bheith ag an nGaeilge agus an nGaeltacht, tugann ráiteas an lae inné roinnt sóláis agus céimeanna á nglacadh ar deireadh le tús a chur le hath-infheistíocht sa teanga.

In ainneoin an bhuiséid mhéadaithe seo, áfach, aithníonn Gaeloideachas nach leor é leis na cuspóirí pleanála teanga uile a bhaint amach ná leis na gníomhaíochtaí éagsúla atá beartaithe ag na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta a chur i gcrích go sásúil. Le trí bliana anuas, tá laghdú suntasach de 4.5% tagtha ar bhuiséad bonnlíne Fhoras na Gaeilge in ainneoin réimse freagrachta mór ag an bhForas mar aon le feidhmeanna níos uileghabhálaí ag na ceanneagraíochtaí atá á maoiniú. Tá sé riachtanach go ndéanann an Rialtas athbhreithniú air seo agus ar na héilimh éagsúla atá ag na heagraíochtaí teanga láithreach ionas go mbeidh cothrom na féinne á thabhairt don teanga agus do phobal na Gaeilge.

Fáiltíonn Gaeloideachas roimh an méadú de 5.8% sa bhuiséad oideachais, a chinnteoidh cóimheas daltaí le múinteoirí níos fabhraí trí mhéadú i líon na múinteoirí mar aon le méadú i líon na gcúntóirí riachtanais speisialta ag an mbunleibhéal.  Is cinnte go rachaidh an t-allúntas breise seo chun leasa na scoileanna uile, scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ina measc atá ag streachailt le fada le dúshláin earcaíochta agus ionadaíochta. Ní mór áfach an t-infreastruchtúr ceart a fhorbairt chun a chinntiú go mbeidh cumas Gaeilge cuí mar aon le hoiliúint ar chur chuige an tumoideachais ag múinteoirí agus ag cúntóirí riachtanais speisialta a bheidh ag feidhmiú sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Fáiltítear roimh an bhéim ar fholláin na ndaltaí trí 100 comhairleoir gairmthreoracha móide 10 siceolaithe breise NEPS a bheith curtha ar fáil. Fáiltítear freisin roimh an €2 mhilliún a dhéanfar a infheistiú sa scéim phíolótach Urlabhra agus Teanga sna bunscoileanna, agus tá Gaeloideachas ag súil leis go mbeidh an scéim ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le freastal go cuí ar riachtanais teanga na bpáistí sin. Is beag ábhar sásaimh a bhí ann ag an iarbhunleibhéal, áit a mbeidh an cóimheas gan athrú, agus é ag leibhéal níos measa ná mar a bhí 10 mbliana ó shin. Tá sé thar am go ndéanfaí na leibhéal roimh an ghéarchéim airgeadais a thabhairt ar ais chun go mbeidh leibhéal níos airde oideachais á bhaint amach ag daltaí na n-iarbhunscoileanna.

Ag labhairt tar éis fhoilsiú na cáinaiséise, dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, “Céim chun tosaigh atá sa bhfógra cáinaisnéise seo, le béim ar threisiú agus forbairt a bheidh chun leasa na teanga agus an oideachais. Tá díomá, áfach, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nár tógadh a gcuid bunriachtanas san áireamh, mar a bhí leagtha amach sa Phlean Infheistíochta a d’eisigh Conradh na Gaeilge mí an Mheithimh 2017. Táthar ag súil leis go ndéanfar athbhreithniú ar an gcáipéis fhíorthábhachtach seo, a forbraíodh le díograis ag leibhéal an phobail, eagraíochtaí agus údaráis éagsúla an Stáit”.

CRÍOCH

Teagmháil
Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach, Gaeloideachas
01-85351930| blathnaid@gaelscoileanna.ie

Gaeloideachas
Is eagraíocht dheonach náisiúnta í Gaeloideachas a thugann tacaíocht d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Ó Iúil 2014, tá Gaelscoileanna Teo. freagrach mar cheanneagraíocht as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge. Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, mar aon le seirbhís tacaíochta do naíonraí agus scoileanna.